Fógraíonn Ealaíon na Gaeltachta scéimeanna éagsúla gach bliain: Scéim na bhFéilte, Scéim Cothú, Scéim Forbartha na nEalaíon, Scéim Neartú, Scéim Tréisiú agus Scéim Sparánachta. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Síol nó an Scéim Oiliúna am ar bith le linn na bliana.

Beidh Scéim d’imeachtaí Oíche Chultúir agus Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí a fhógairt i mí an Bhealtaine, 2025.

Tá gach eolas ar scéimeanna Ealaín na Gaeltachta le fáil óna hÁisitheoirí Ealaíona agus ó fhoireann Cuisle.

Cuireann muid comhairle agus tacaíocht ar fáil chomh maith, do lucht na n-ealaíon agus don phobal agus cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar bith maidir leis na healaíona sa Ghaeltacht. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn anseo.

Scéim Neartú– Critéar & Foirm Iarratais

Déan teagmháil linn cuisle@udaras.ie

Íoslódáil

Scéim Treisiú– Critéar & Foirm Iarratais

Déan teagmháil linn cuisle@udaras.ie

Íoslódáil

Scéim Sparánachta d'Ealaíontóirí 2024 – Critéir & Foirm Iarratais

Le fógairt i mí Bealtaine

Spriocdháta i mí Iúil, dátaí le deimhniú.

Tuilleadh Eolais

Oíche Chultúir

Le fógairt i mí Bealtaine

Spriocdháta i mí Iúil, dátaí le deimhniú.

Foirm Iarratais

An slí lenár dtacaíocht a aithint

Is coinníoll é dár maoiniú go ndéantar admháil phoiblí ar thacaíocht Údarás na Gaeltachta (an Údaráis) agus an Chomhairle Ealaíon trí Ealaín na Gaeltachta (Ealaín) don tionscadal. Mura ndéantar é seo ag gach céim den tionscadal, chun sásamh na maoinithe, beidh sé riachtanach céatadán den deontas a choinneáil siar.

Treoir maidir le húsáid na Gaeilge

Cláraigh do Nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta anseo