Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta

Is é aidhm na scéime seo tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla aonaracha, atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, am a chur ar leataobh i dtreo barrfeabhais a chothú ina gcleachtas ealaíne.

Aidhm na Scéime

Is é aidhm na scéime seo tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla aonaracha, atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, am a chur ar leataobh i dtreo barrfeabhais a chothú ina gcleachtas ealaíne.

Cé air a bhfuil an Scéim seo dírithe?

Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí:

  • ag gach staid dá gcleachtas gairmiúil. Ciallaíonn sé sin go bhfuil saothar nó cumas d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe acu, go bhfuil cáilíochtaí agus/nó taithí chuí acu maidir lena gcleachtas ealaíne agus go n-aithnítear mar chleachtóirí gairmiúla iad i measc a gcomhealaíontóirí. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach acu óna gcleachtas ealaíne. Tá sé mar sprioc straitéiseach ag Ealaín na Gaeltachta tacú le healaíontóirí atá luath ina gcleachtas, chomh maith leo siúd atá seanbhunaithe;
  • in aon réimse nó in aon réimse cleachtais ealaíne;
  • atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Tá sé mar sprioc straitéiseach ag Ealaín na Gaeltachta tacú leis na healaíona don óige, agus cuirtear failte roimh iarratais ó ealaíontóirí gairmiúla sa réimse cleachtais seo.

Ní ghlacaimid le hiarratais uathu siúd atá fós sa chóras oideachais. Is féidir eisceacht a dhéanamh má tá ealaíontóir i lár a g(h)airme agus ag tabhairt faoi iarchéim. Sa chás seo, ní thacóidh sparánacht le hábhar atá bainteach leis an iarchéim féin.

Cá mhéad airgid ar féidir liom cur isteach air?

Is gá don iarrthóir roghnú idir dhá shraith deontais:

  1. €5,000 an t-uasmhéid d’ealaíontóir atá luath ina gcleachtas
  2. €10,000 an t-uasmhéid d’ealaíontóir atá níos aibí ina gcleachtas

Is faoin ealaíontóir atá sé iad féin a aithint mar ealaíontóir atá ‘luath ina gcleachtas’. D’fhéadfadh sé go bhfuil sé/sí ag cleachtadh go gairmiúil ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana, nó ag filleadh ar a gcleachtas ealaíne tar éis bearna shuntasach ama, nó nach bhfuil móraitheantas bainte amach acu go fóill dá saothar ealaíne.

Céard leis a dtacóidh an Sparánacht?

Is ar chostas do chuid ama féin atá an bhéim, chun tacú leat táille chuí a íoc leat féin ionas gur féidir leat díriú go sonrach, ar feadh tréimhse, ar do chleachtas ealaíne.

Ina theannta seo, glacfar le costais eile a bheadh lárnach nó riachtanach don phróiseas cruthaitheach agus d’fhorbairt do chleachtais, mar shampla:

  • tacú leat saothar faoi leith a fhorbairt trí chostas ábhar a chlúdach;
  • tacú leat ealaíontóir eile a bheith mar mheantóir agat ar feadh tréimhse;
  • tacú leat trealamh riachtanach a fháil ar cíos nó a cheannach*;
  • tacú leat freastal ar thréimhse chónaitheachta.

*Ní ghlacfar le caiteachas níos mó ná 30% den bhuiséid ar threalamh.

Conas iarratas a dhéanamh

San fhoirm iarratais, déan cur síos soiléir agus cuimsitheach ort féin mar ealaíontóir, ar do chleachtas go dtí seo agus ar an méid ba mhaith leat a bhaint amach le cabhair na sparánachta. Seol chugainn, leis an fhoirm iarratais, ábhair thacaíochta a léireoidh do chleachtas go soiléir.

Ní féidir glacadh leis go mbeidh na painéil ar an eolas faoi do chleachtas ná faoi do shaothar ealaíne. Is painéil neamhspleácha idirdhisciplíneacha a dhéanann measúnú ar na hiarratais, agus bíonn painéil dhifriúla i gceist gach bliain.

Is gá an fhoirm iarratais, an fhoirm dheimhniúcháin agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chugainn roimh an spriocdháta.

Ábhar Tacaíochta

Is gá an t-ábhar seo a leanas a chur leis an iarratas, ionas go mbeidh a dhóthain eolais ar fáil don phainéal chun na hiarratais a mheas go cothrom:

  • Do CV ealaíne agus CV aon ealaíontóra eile a bheidh páirteach sa mhéid atá molta agat i gceist 6 den iarratas (meantóir, mar shampla). Ná bíodh sonraí teagmhála pearsanta ar aon CV.
  • Samplaí de do shaothar ealaíne (féach thíos sonraí faoi conas iad seo a chur ar fáil).
  • Eolas ábhartha ar bith eile a thacóidh leis an bpainéal d’iarratas nó do chleachtas a thuiscint.
  • Más mian leat a bheith ag obair le meantóir nó le healaíontóir eile, ní mór go mbeadh litir chomhaontaithe uathu & a CV istigh leis an iarratas.

Critéir le haghaidh maoinithe

  1. Caighdeán ealaíne & gairmiúlacht: caighdeán do shaothair go dáta nó an cumas a léiríonn sé, go bhfuil cáilíochtaí agus/nó taithí chuí agat, atá oiriúnach don staid ag a bhfuil tú maidir le do chleachtas ealaíne agus go n-aithnítear mar chleachtóir gairmiúil thú i measc do chomhealaíontóirí. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach agat ó do chleachtas ealaíne.
  2. Caighdeán an mholta agus mar a luíonn an t-iarratas le haidhmeanna na scéime: An tionchar a mheastar a bheidh ag an infheistiú ama agus aon ghníomh/bheart atá molta agat san iarratas ar bharrfeabhas a chothú i do chleachtas.
  3. An Ghaeilge: Tá an scéim seo dírithe ar ealaíontóirí atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacs a gcleachtas ealaíne.

Coinníollacha Deontais

Má bhronntar sparánacht ort, beidh ort glacadh leis na coinníollacha deontais agus éileamh a dhéanamh ar an deontas laistigh de 18 mí ó dháta na tairisceana. Beidh ort sonraí glanta cánach a chur ar fáil dúinn chun éileamh a dhéanamh ar an chéad 75% den deontas agus tuairisc a roinnt linn faoin méid a bhain tú amach le cabhair na sparánachta chun éileamh a dhéanamh ar an 25% deireanach.

Tacaíochtaí Rochtana

Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh a iarraidh chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.

Beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana agat a bhaineann le d’iarratas. Seo a leanas roinnt samplaí féideartha de thacaíochtaí le haghaidh do ghníomhaíochtaí ar féidir leat a chur isteach orthu má theastaíonn siad uait:

  • Clóscríobhaí nó scríobhaí ar féidir leat do chuid smaointe a chur in iúl dóibh;
  • Costais iompair má tá lagú gluaiseachta ort

Tabhair faoi deara: Ní féidir leat iarratas a chur isteach i leith costais rochtana i dtreo d’iarratas a chomhlánú.

Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie