Taifead Maoinithe

Tacaíonn Ealaín na Gaeltachta le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht trí réimse scéimeanna maoinithe agus tionscnaimh straitéiseacha. Le blianta beaga anuas, tá muid bródúil as na céadta ealaíontóir, tionscadal agus eagraíocht a bheith maoinithe againn i ngach réimse ealaíne – an litríocht, an amharclannaíocht, an fhísealaín, an ceol, an damhsa, agus na healaíona pobail.

Dearadh ár scéimeanna maoinithe chun tacú leis an gcleachtas comhaimseartha agus traidisiúnta araon, le béim ar leith ar an Ghaeilge agus ar phobail chruthaitheacha bhríomhara a chothú anseo sa Ghaeltacht.

Maoiniú 2025

Maoiniú 2024

Maoiniú 2023

Maoiniú 2022

Maoiniú 2021

Aird ar an Chruthaitheacht

Insíonn gach aon síol scéal – faoin gcruthaitheacht, faoin bpobal agus faoin gcultúr. Sa chuid seo roinnimid scéalta agus gnéithe spéisiúla ó thionscadail a maoiníodh, agus tugaimid léargas beag ar shaol na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Ó léirithe agus taispeántais chumhachtacha go himeachtaí pobail agus ócáidí bríomhara do dhaoine óga, déantar ceiliúradh, trí na scéalta seo, ar thionchar na n-ealaíon ar an bpobal.

Déan cinnte súil a choinneáil anseo chun nuacht agus scéalta a fháil ó na healaíontóirí, ó na heagraíochtaí agus ó na pobail a dtacaímid leo.

Tabhair bronntanas duit féin achan mhí!

Bí páirteach sa saol bríomhar ealaíon agus cultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus beidh tú i gcónaí ar an eolas faoi imeachtaí, nuacht, agus na síolta cruthaitheacha Gaelacha.