Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta in 1997 – comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.
Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair. Cuidímid le tacaíocht oiliúna agus meantóireachta a chur ar fáil, chomh maith le tacú le tionscnaimh a chabhraíonn le cumas agus le hinfreastruchtúir na n-ealaíon sa Ghaeltacht a thógáil agus a neartú.
Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.