About Ealain

Eolas Fúinn

Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.

Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíona agus le healaíontóirí aonair.

Seisiún Eolais ar líne faoi  Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht 2026

Moltar go láidir freastal ar an seisiún seo, go háirithe má tá iarratas á dhéanamh den chéad uair agat nó má tá ceist ar bith agat faoi chritéir na scéime. Bí ar an eolas go bhféadfadh na critéir seo athrú ó bhliain go bliain. 

Tá Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht oscailte d’fhéilte ealaíon Gaeltachta atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge. Tá an scéim seo iomaíoch agus tá an buiséad teoranta.   

Critéir agus Foirm Iarratais 

Sparánachtaí Ealaíontóirí Ealaín na Gaeltachta – Fóram Taibhealaíona i mBéal Féirste

Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta  dul i mbun oibre le Fóram Taibhealaíona chun sparánacht a thairiscint do chleachtóirí sna dtaibhealaíon sa Ghaeltacht, le freastal ar Chruinniú den Fhóram Taibhealaíona i mBéal Feirste ar an 26 agus 27 Bealtaine 2026.

Tá na céadta ealaíontóir, oibrí ealaíon agus eagraíocht ealaíon ó ionaid ealaíon agus comhlachtaí léiriúcháin, féilte agus maoinitheoirí ag teacht le chéile i mBéal Feirste  ar feadh dhá lá lán le comhrá, spreagadh agus inspioráid.

Beidh sparánacht amháin ar fáil le haghaidh gach réigiún, An Mhumhan, Connacht agus Co. na Mí, Tír Chonaill

Clúdóidh gach Sparánacht Ealaíontóra:

  • Ticéad chuig an bhFóram Taibhealaíona i mBéal Feirste – seisiúin uile an lae, dhá lón, dinnéar, sosanna caife agus an clár ealaíne
  • Stipinn Ealaíontóra €180
  • Lóistín agus Ranníocaíocht Taistil €150

Ranganna sna healaíona dúchasacha i gConamara agus Árainn.

Tá áthas orainn clár ama Cuisle – clár sna healaíona dúchasacha don óige de chuid Ealaín na Gaeltachta – a sheoladh arís i mbliana. Cuireann Cuisle ranganna sa cheol traidisiúnta, na healaíona béil, damhsa agus amhránaíocht ar na sean-nós ar siúl i rith agus i ndiaidh am scoile i gConamara agus Árainn.

Tá buíochas mór ag dul do theagascóirí Cuisle as an obair mhór a dhéanann siad leis na gasúir ó bhliain go bliain, lena chinntiú go bhfuil na healaíona dúchasacha á gcoinneáil beo i measc óige na Gaeltachta.

Tá muid ag baint úsáide as córas nua clárúcháin i mbliana agus síleann muid go ndéanfaidh sé seo rudaí níos fusa dúinn go léir. Is é an córas Class For Kids atá in úsáid againn agus is éasca é a úsáid.

Le do ghasúr a chlárú ní gá ach cliceáil ar an nasc Clárúchán – CUISLE  nó an Cód QR atá ar an gclár ama a scanadh agus a úsáid.

Féach ar an bhfíseán gearr anseo le treoir a fháil, más gá: Treoir maidir le Clárú ar Class For Kids.

N.B. Is gá íocaíocht a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh do ghasúr cláraithe. Ní bheidh aon spás cinntithe go dtí go mbeidh an táille íoctha.

Tá clár Cuisle – clár óige Ealaín na Gaeltachta – arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Cláraigh do Nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta anseo

Teagmháil tapa