
Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon i 1997.
Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair. Cuidímid le tacaíocht oiliúna agus meantóireachta a chur ar fáil, chomh maith le tacú le tionscnaimh a chabhraíonn le cumas agus infreastruchtúir na n-ealaíon sa Ghaeltacht a thógáil agus a neartú.
Tá trí Áisitheoir Ealaíona fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta sna réigiúin éagsúla Gaeltachta (Connacht agus Co. na Mí, an Mumhan, agus Dún na nGall). Tá Feidhmeannach Forbartha Ealaíne fostaithe ag an Údarás agus tá sé freagrach as comhordú a dhéanamh ar an chlár forbartha ealaíne.
Foireann Ealaín na Gaeltachta






Bord Stiúrtha Ealaín na Gaeltacha

Cuireann Siubhán obair an Údarás agus a ghníomhaíochtaí chun cinn maidir le pleanáil na Gaeilge, forbairt fiontraíochta agus cruthú poist. Oibríonn sí go dlúth le heagraíocht, a mhacasmahil Ealaín na Gaeltachta, coistí agus oifigigh pleanála teanga chun a chinntiú go dtugann an pobal, gníomhaireachtaí stáit eile agus gach páirtí leasmhar aird ar an obair a dhéanann an tÚdarás agus a thacaíonn leis an ról gníomhach a bhíonn ag pobal na Gaeltachta i ngníomhaíochtaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a bpobail.

Tá Miriam ag obair sa Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta san Údarás agus tá freagracht shonrach aige maidir le cliantchuideachtaí sna hearnálacha cruthú ábhair / closamhairc agus eolaíochta saoil. Tá suim mhór ag Miriam sna healaíona, go háirithe drámaíocht amaitéarach.

Tá Mary Uí Chadhain ina chónaí i nGabhla, Caiseal, Co. na Gaillimhe. Tá sí ina Stiúrthóir Airgeadais agus Gnóthaí Gnó i TG4 agus tá sí ina rúnaí cuideachta TG4 freisin. Faoi láthair tá sí ina Bhall Boird d'Údarás na Gaeltachta.