Nóta ó Bhord Stiúrtha Ealaín na Gaeltachta faoi ranganna iar scoile i nGaeltacht Chonamara

Beidh ranganna amhránaíochta, damhsa agus ceol uirlise de chuid an clár Cuisle ag tosú an seachtain dar tús 19ú Meán Fómhair.  Tá spásanna teoranta, mar sin, is gá do gach páiste clárú ar líne roimh ré. Ní ghlacfar le haon pháiste ar an lá nach bhfuil cláraithe.

Seo thíos amchlár agus foirm cláraithe don bhliain 2022/2023 i gConamara.

  • Le clárú do ranganna ar an gCeathrú Rua, is féidir teagmháil a dhéanamh le Tuismitheoirí na Gaeltachta ar 087 246 1685 nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig erin@tuismitheoiri.ie
  • Má tá aon cheist nó fiosraithe maidir leis an méid thuas ag teastáil, déan teagmháil le m.nithuathail@udaras.ie nó 087-7806007
  • Moltar go bhfuil an páiste  ar a laghad 5 bliana d’aois  sula ndéantar iad a chlárú do na ranganna.

Faigh Cúrsa i do cheantar anois!

12/09/22 :: Gliogáil thíos le clárú le haghaidh ranganna i do cheantar!