Cuisle

Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm atá mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Mar pháirt den gclár Cuisle, déanfar gach iarracht forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar clár cuimsitheach don óige ina measc, ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na ceantair Gaeltachta uile.

Fís:

Is í an fhís atá againn ná Gaeltacht a bhfuil borradh fúithi agus ina n-aithnítear daoine óga mar ealaíontóirí atá rannpháirteach agus i mbéal forbartha agus gurb iad cuisle -croí agus anam- na Gaeltachta iad; iad cruthaitheach, ilchineálach agus fite fuaite i ngach gné de phobal a chuireann fáilte roimh chách. Má bhíonn daoine óga rannpháirteach go hiomlán i gcultúr na Gaeltachta, déanfar na healaíona traidisiúnta a shaibhriú agus a fhorbairt, agus cuirfear le saibhreas na teanga féin agus í ag éabhlóidiú agus á tabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.

Misean:

Déanaimid, i gcomhpháirtíocht lenár bpáirtithe leasmhara uile, clár ar ardchaighdeán sna healaíona dúchasacha, teanga bhunaithe, a sholáthar do pháistí agus do dhaoine óga as Gaeilge, ar fud na Gaeltachta, trí bhíthin cúnamh airgeadais, oideachas agus rochtain bharántúil.

Luachanna:

Is iad seo a leanas na luachanna atá mar bhonn lenár gcur chuige chun ár bhfís a bhaint amach:

  • Deiseanna comhionanna maidir le rannpháirtíocht na hóige
  • Saibhriú na Gaeilge agus í a shníomh i ngach uile ghné den chlár féin
  • Neartú agus saibhriú na n-ealaíon dúchasach, teanga bhunaithe
  • Forbairt, cumasú agus spreagadh chruthaitheacht na hóige
  • Seachadadh an chultúir ó ghlúin go glúin
  • Cur chuige ilghnéitheach; oideachas foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus pobal-lárnach
  • Tionchar ag guth na hóige ar fhorbairt an chláir

Cuisle: Múnla Oibre

  • Oibreoidh Ealaín na Gaeltachta i gcomhar le:

Ealaíontóirí, pobail chleachtais, tuismitheoirí, scoileanna Gaeltachta, coistí pleanála teanga, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara

  • Ionas go gcuirfear ar fáil:

clár ina dtugtar ómós, trí na deiseanna a sholáthraíonn sé, don saibhreas, don doimhneacht agus don ilchineálacht a bhaineann leis na healaíona traidisiúnta

  • Do pháistí agus daoine óga i gceantair Gaeltachta ar bhealaí:

 

  • a chuireann ar a gcumas a bheith lánpháirteach sa chultúr
  • a nascann iad leis an dea-chleachtas agus a chothaíonn caidrimh a bhfuil brí leo
  • a chumhachtaíonn iad lena nguth a úsáid i gcinnteoireacht
  • a thacaíonn sé leo a bheith neamhspleách laistigh den chleachtas
  • a spreagann iad chun iad féin a aithint mar ealaíontóirí agus anuas air sin a bhféiniúlacht, a n-oidhreacht, a n-indibhidiúlacht agus a gceangal leis an bpobal agus leis an gcultúr a chíoradh

 

  • Agus más mian leo é, is féidir le páistí agus daoine óga leas a bhaint as deiseanna a chruthaíonn cosáin i dtreo na ceannaireachta agus na nuálaíochta laistigh den chultúr.

 

Ar an gcaoi sin comhlíontar tiomantas an chláir seo do shaibhriú shaol na bpáistí agus na ndaoine óga, do chultúr na n-ealaíon traidisiúnta, teanga bhunaithe i bpobal na Gaeltachta agus don Ghaeilge.