Ag cothú na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta sa Ghaeltacht

Is comhfhiontar atá in Ealaín na Gaeltachta, idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, a chuireann tacaíocht agus scéimeanna maoinithe ar fáil.

Scéimeanna Maoinithe

Scéimeanna atá Oscailte faoi Láthair

Síol

Tá Scéim Síol oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair lasmuigh de chomhthéacs foirmeálta oideachais sna ceantair Ghaeltachta. Tabharfar tús áite do thograí atá á reáchtáil go hiomlán as Gaeilge.

Uasmhéid Maoinithe:

€1,000

Spriocdháta:

Leanúnach

Scéim Forbartha na nEalaíon

Tá an scéim seo oscailte do ghrúpaí, d’eagraíochtaí, d’ealaíontóirí agus do dhaoine aonair sna ceantair Ghaeltachta le deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí ealaíon d’ardchaighdeán agus iad a chur ar siúl sa Ghaeltacht.

Uasmhéid Maoinithe:

€15,000

Spriocdháta:

20 Meitheamh 2026

Scéim Oiliúna

Tá an Scéim Oiliúna oscailte d’ealaíontóirí, d’eagrais nó do dhaoine aonaracha atá ag forbairt nó ag cur na n-ealaíon chun cinn sa Ghaeltacht. Tacaíonn an Scéim le deiseanna oiliúna agus traenála a bhaineann le cleachtas agus gairm ealaíne a fhorbairt agus le deiseanna cumasaithe agus dea-chleachtais a fhorbairt in earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Tacóidh an scéim le hoiliúint ghairmiúil, nó le hoiliúint ar chaighdeán gairmiúil.

Uasmhéid Maoinithe:

€1,000

Spriocdháta:

Leanúnach

Scéimeanna Maoinithe Cuisle

Síol

Tá Scéim Síol oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair lasmuigh de chomhthéacs foirmeálta oideachais sna ceantair Ghaeltachta. Tabharfar tús áite do thograí atá á reáchtáil go hiomlán as Gaeilge.

Uasmhéid Maoinithe:

€1,000

Spriocdháta:

Leanúnach

Neartú

Tacaíocht do chláir leanúnacha don óige trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/san Amharclannaíocht.

Uasmhéid Maoinithe:

€15,000*

Spriocdháta:

23 Aibreán (do chláir a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair 2026)

Treisiú

Tacaíocht do thionscadail aon uaire sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/Amharclannaíocht don óige trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Uasmhéid Maoinithe:

€15,000

Spriocdháta:

27 Lúnasa 2026
A simple image inspired by Ealaín na Gaeltachta, featuring a thick yellow-orange ring or circle on a white background. The centre of the ring is transparent or white.
A solid, bright red-orange circle inspired by Ealaín na Gaeltachta is centred on a light grey background.
A light blue, hand-painted circle with rough, uneven edges on a white background, reminiscent of Ealaín na Gaeltachta and resembling a brushstroke or ensō symbol often seen in Zen art.
A colourful radial chart inspired by Ealaín na Gaeltachta features overlapping segments in navy blue, orange, teal, and pink spreading outward from a central white circle on a light background.

Cuisle - Clár Óige Ealaín na Gaeltachta

I gcomhpháirtíocht lenár bpáirtithe leasmhara uile, déanaimid clár teangabhunaithe ar ardchaighdeán sna healaíona dúchasacha agus sa drámaíocht a sholáthar do pháistí agus do dhaoine óga as Gaeilge, ar fud na Gaeltachta, trí bhíthin cúnamh airgeadais, oideachais agus rochtain bharántúil.

.

Coimisiún ealaíon poiblí Champas Íosagáin á bhronnadh ar an scannánóir Mary Keane

Comhphairtíocht Múinteoirí Ealaíontóirí+ (TAP+) Lán- Ghaeilge

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2026

A simple image inspired by Ealaín na Gaeltachta, featuring a thick yellow-orange ring or circle on a white background. The centre of the ring is transparent or white.

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.