Aisling Project
Aisling - commissioned by Ealaín na Gaeltachta in 2016

Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon i 1997.

Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair. Cuidímid le tacaíocht oiliúna agus meantóireachta a chur ar fáil, chomh maith le tacú le tionscnaimh a chabhraíonn le cumas agus infreastruchtúir na n-ealaíon sa Ghaeltacht a thógáil agus a neartú.

Tá trí Áisitheoir Ealaíona fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta sna réigiúin éagsúla Gaeltachta (Connacht agus Co. na Mí, an Mumhan, agus Dún na nGall). Tá Feidhmeannach Forbartha Ealaíne fostaithe ag an Údarás agus tá sé freagrach as comhordú a dhéanamh ar an chlár forbartha ealaíne.

Foireann Ealaín na Gaeltachta

Micheál Ó Fearraigh
Micheál Ó Fearraigh
Feidhmeannach Forbartha Ealaíne
Danielle Nic Pháidín
Danielle Nic Pháidín
Áisitheoir Ealaíona Thír Chonaill
bof-headshot
Beartla Ó Flatharta
Áisitheoir Ealaíona Connacht & Co. na Mí
Rachel Holstead
Rachel Holstead
Áisitheoir Ealaíona Mumhan
cliodhna
Clíodhna Ní Bheaglaoich
Riarthóir Ealaíona na Mumhan (páirtaimseartha)
picture-profile-icon-male-icon-human-or-people-sign-and-symbol-free-vector
Margaret Anne Ní Fhearraigh
Riarthóir
mnt-headshot
Máire Ní Thuathail Uí Laoi
Riarthóir ar na hEalaíona Dúchasacha don Óige
freda-nic-giolla-chathain
Freda Nic Giolla Chatháin
Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige
aoife-ni-chonghaile
Aoife Ní Chonghaile
Oifigeach Cúnta Ealaíon don Óige

Bord Stiúrtha Ealaín na Gaeltacha

Siubhán Nic Grianna
Siubhán Nic Grianna
Cathaoirleach - Bainisteoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta

Cuireann Siubhán obair an Údarás agus a ghníomhaíochtaí chun cinn maidir le pleanáil na Gaeilge, forbairt fiontraíochta agus cruthú poist. Oibríonn sí go dlúth le heagraíocht, a mhacasmahil Ealaín na Gaeltachta, coistí agus oifigigh pleanála teanga chun a chinntiú go dtugann an pobal, gníomhaireachtaí stáit eile agus gach páirtí leasmhar aird ar an obair a dhéanann an tÚdarás agus a thacaíonn leis an ról gníomhach a bhíonn ag pobal na Gaeltachta i ngníomhaíochtaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a bpobail.

Miriam Ní Néill
Miriam Ní Néill
Feidhmeannach Fiontraíochta & Fostaíochta le hÚdarás na Gaeltachta

Tá Miriam ag obair sa Rannóg Fiontraíochta agus Fostaíochta san Údarás agus tá freagracht shonrach aige maidir le cliantchuideachtaí sna hearnálacha cruthú ábhair / closamhairc agus eolaíochta saoil. Tá suim mhór ag Miriam sna healaíona, go háirithe drámaíocht amaitéarach.

Mary Uí Chadhain
Mary Uí Chadhain
Stiúrthóir Airgeadais & Gnó le TG4

Tá Mary Uí Chadhain ina chónaí i nGabhla, Caiseal, Co. na Gaillimhe. Tá sí ina Stiúrthóir Airgeadais agus Gnóthaí Gnó i TG4 agus tá sí ina rúnaí cuideachta TG4 freisin. Faoi láthair tá sí ina Bhall Boird d'Údarás na Gaeltachta.

210226_lisnidhalaigh6323
Lís Ní Dhálaigh
Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha & Comhpháirtíochta TG4

Is ó Chorca Dhuibhne ó dhúchas í Lís. Tá sí ag obair le TG4 ó bunaíodh an cainéal, faoi láthair mar Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha & Comhpháirtíochta, agus roimhe sin mar Stiúrthóir Aschur agus Ceannachán. Bhí sí lárnach i bhforbairt Cúla4 agus Branda TG4. Tá iarchéim aici in Riarachán na nEalaíne agus sular thosaigh sí in earnáil na teilifíse, chaith Lís seal ag obair le Pròiseact nan Ealan in Albain, agus leis ghrúpa Amharclannaíochta Na Fánaithe. Tá suim ar leith aici in Ealaín pobail agus in Ealaín na nÓg.

paddy_glackin_photomaurice-gunning
Paddy Glackin
Ealaíontóir

Is as Baile Átha Cliath don fhidléir iomráiteach, Paddy Glackin. Bhí Paddy ar dhuine de lucht bhunaithe 'The Bothy Band'. Tá an gradam is mó i gCeol Traidisiúnta na hÉireann, Gradam Ceoil TG4, bronnta ar an gceoltóir a thugann aitheantas don méid atá déanta aige ar son an cheoil anseo le beagnach 50 bliain agus é fós ina bhun. Chaith sé blianta ag obair leis an chraoltóireacht fosta le RTÉ mar léiritheoir, eagarthóir agus léiritheoir.

Cláraigh do Nuachtlitir Ealaín na Gaeltachta anseo

Teagmháil tapa