Tá Ealaín na Gaeltachta tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Bímid ag cur leis an taithí úsáideora do chách i gcaitheamh an ama, agus ag cur i bhfeidhm na gcaighdeán ábhartha inrochtaineachta.
Sainmhínítear sna Treoirlínte Inrochtaineachta d’Ábhar Gréasáin (WCAG) na dualgais atá ar dhearthóirí agus ar fhorbróirí chun inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas. Leagtar amach sna Treoirlínte trí leibhéal comhréireachta: Leibhéal A, Leibhéal AA agus Leibhéal AAA.
Bíonn Ealaín na Gaeltachta i mbun iarrachtaí leanúnacha cúrsaí inrochtaineachta ar a suíomh gréasáin agus ina cuid seirbhísí a fheabhsú, agus creidimid gurb é ár ndualgas morálta é úsáid shimplí, inrochtana agus gan bhac a chinntiú dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
Tá sé de sprioc againn ár leathanaigh agus ar n-ábhair ar fad ar https://ealain.ie a dhéanamh inrochtana, ach is féidir nach bhfuil na caighdeáin is airde inrochtaineachta bainte amach go fóill i gcás cuid den ábhar. B’fhéidir go mbeadh baint aige sin leis an dúshlán a bhaineann leis an réiteach teicniúil is oiriúnaí a aithint.
D’fhéadfaimis an ráiteas seo a athbhreithniú go tréimhsiúil chun feabhsuithe nó athruithe ar ár gcleachtais inrochtaineachta a léiriú.
Fáiltímid roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin Ealaín na Gaeltachta. Cuir ar an eolas muid, le do thoil, má fheiceann tú aon bhac ar inrochtaineacht ar ár suíomh.
R-phost: ealain@udaras.ie
Déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar an aiseolas laistigh de 3-5 lá oibre.
Cruthaíodh an ráiteas seo ar an 4/29/2026.