Eolas faoi Cuisle

Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm atá mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Mar pháirt den gclár Cuisle, déanfar gach iarracht forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar clár cuimsitheach don óige ina measc, ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na ceantair Gaeltachta uile.

….léigh tuilleadh

Branda Cuisle a sheoladh
Branda Cuisle a sheoladh

Tá ríméad ar Ealaín na Gaeltachta lógó agus branda úr don chlár Cuisle a sheoladh.
“Is iad an dream óg cuisle na Gaeltachta, croí agus anam na Gaeltachta” agus sin ar a bhfuil an clár seo dírithe.

Tionscnamh chruthaitheach d’ealaíontóirí óga ar líne
Tionscnamh chruthaitheach d’ealaíontóirí óga ar líne

Ba mhian le hEalaín na Gaeltachta “campa cónaitheach ar líne” nó sraith gníomhaíochtaí a reáchtáil ar líne do dhaoine óga (idir 12-17 bl). Beidh deis ag daoine óga dul i ngleic leis an teicneolaíocht chun múnlaí cruthaitheacha a fhiosrú agus a fhorbairt

Scéim Neartú
Scéim Neartú

Fógraítear Scéim Neartú le breis forbairt a dhéanamh ar na healaíona dúchasacha don t-aos óg le linn an scoil bhliain 2020-2021. Is ar mhaithe le soláthar clár agus ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus na healaíona béil ar fud na Gaeltachta an scéim seo

Scéim Nóta
Scéim Nóta

Is scéim straitéiseach í NÓTA atá oscailte do ghrúpaí agus daoine aonaracha lasmuigh de chomhthéacs oideachais foirmeálta. Is ar mhaithe le breis deiseanna don óige sna healaíona dúchasacha a fhorbairt taobh amuigh de sholáthar clár agus ranganna an scéim seo.

Ranganna i gConamara agus Oileáin Árainn.

Tá ríméad ar Ealaín na Gaeltachta go bhfuil deis acu, tríd an chlár Cuisle, cur leis na deiseanna atá ann d’óige Gaeltacht Chonamara. Tá painéal ealaíontóirí ag obair le Ealaín na Gaeltachta le ranganna sa gceoil traidisiúnta, na healaíon béil, damhsa agus amhránaíochta ar na sean nós a chuir chun cinn i rith agus i ndiaidh am scoile.

Cuireann Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh scoileann teagmháil a dhéanamh linn más mian leo leas a bhaint as an gclár chun ranganna sna healaíona dúchasacha a chuir ar fáil don scoil bhliain 2020-2021.

….léigh tuilleadh