Neartú

Tacaíocht do chláir leanúnacha don óige trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/san Amharclannaíocht.

Spriocdhátaí

  • Babhta I: 23 Aibreán (do chláir ag tosú Meán Fómhair 2026)
  • Babhta II: 24 Meán Fómhair (do chláir ag tosú Eanáir 2027)

Nótaí Tábhachtacha:

  • Dóibh siúd a fuair maoiniú faoi scéim Neartú cheana, is féidir iarratas a chur isteach a leagann amach clár thar thréimhse dhá bhliain. D’iarratasóirí nua, ní ghlacfar ach le hiarratas do bhliain amháin den chlár.
  • Is féidir iarratas a chur isteach do na healaíona dúchasacha don drámaíocht/amharclannaíocht don dá réimse.
  • Má tá na healaíona dúchasacha AGUS an drámaíocht/amharclannaíocht mar chuid den phlean, ní mór briseadh síos a thabhairt ar na costais a bhaineann leis an dá réimse in dhá bhuiséad ar leith.

Cúlra & Comhthéacs na Scéime

Tá Daoine Óga aitheanta mar thosaíocht i Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 agus tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chun deiseanna rannpháirtíochta sna healaíona don óige a chur i bhfeidhm. Tá clár Cuisle ag feidhmiú go straitéiseach chun clár sna healaíona dúchasacha (ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós, na healaíona béil – lúibíní, agallaimh beirte, scéalaíocht) agus clár drámaíochta/amharclannaíochta don óige sa Ghaeltacht a fhorbairt, trí réimse scéimeanna maoinithe, tacaíochtaí agus gníomhartha forbartha a chur ar fáil, scéim Neartú san áireamh.

 

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?

Glacfar le hiarratais tríd an scéim seo ó eagraíochtaí, ó ghrúpaí nó ó choistí pobail sa Ghaeltacht, a bhfuil sé d’acmhainn acu clár leanúnach oiliúna agus/nó imeachtaí don óige sna healaíona dúchasacha (ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós, na healaíona béil – lúibíní, agallaimh beirte, scéalaíocht) agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht, a reáchtáil, ar ardchaighdeán, trí mheán na Gaeilge.

 

Glacfar le hiarratais uathu seo a leanas:

  • Grúpaí pobail, coistí agus eagraíochtaí ar mian leo leanúint leis an gclár atá á riar acu cheana féin trí thacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta;
  • Grúpaí pobail, coistí agus eagraíochtaí nach bhfuil a mhacasamhail de chlár ina gceantar Gaeltachta cheana féin agus ar mian leo a leithéid a fhorbairt.

 

Sonraí & Aidhmeanna na Scéime

Faoi Scéim Neartú, fáiltímid roimh iarratais a chuimsíonn clár leanúnach oiliúna agus/nó imeachtaí ina mbeidh soláthar rialta de cheardlanna/ranganna don óige sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/san amharclannaíocht.

 

Cé gurb é príomhsprioc na Scéime ná soláthar rialta de cheardlanna/ranganna a chur ar fáil, is féidir na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh chomh maith:

  • Gníomhaíochtaí chun guth na hóige a fhorbairt mar chuid den tionscadal, m.sh. forbairt Choiste na nÓg, ceardlanna & srl.;
  • Ceardlanna agus imeachtaí neamhfhoirmeálta sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/san amharclannaíocht don óige;
  • Forbairt deiseanna i dtreo cleachtais ghairmiúla don óige sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/san amharclannaíocht;
  • Nasc le himeachtaí ealaíon agus pobail sa cheantar (tograí idirghlúine san áireamh);
  • Deiseanna forbartha do na healaíona dúchasacha agus/nó don drámaíocht/don amharclannaíocht i gcomhthéacs na hóige (m.sh. seimineár, comhdháil, srl).

Leibhéal maoinithe atá ar fáil

€15,000 an t-uasmhéid in aghaidh na bliana agus in aghaidh an réimse ealaíne (na hEalaíona Dúchasacha/an Drámaíocht/an Amharclannaíocht don Óige) atá ar fáil d’iarratasóirí ar an Scéim.

Má ceadaíodh maoiniú faoi scéim Neartú don chlár roimhe seo, is féidir iarratas a dhéanamh do thréimhse 2 bhliain. Má tá iarratas á chur isteach ag grúpa den chéad uair, ní ghlacfar ach le hiarratas do bhliain amháin den chlár.

I gcás eagraíocht a fuair maoiniú faoi scéim Neartú cheana féin, d’fhéadfaí, i gcásanna éisceachtúla, breis agus €15,000 a cheadú, ach an cur chuige straitéiseach a bheith pléite roimh ré le baill foirne Ealaín na Gaeltachta.  Braithfidh méid an deontais a bhronnfar ar an gclár/bplean oibre a bheidh molta san iarratas, ar thaithí an ghrúpa, agus ar an mbuiséad atá ar fáil don scéim.

N.B. Tá sé riachtanach teagmháil a dhéanamh le foireann Ealaín na Gaeltachta sula ndéanfar iarratas ar an scéim seo. Seol r-phost chuig cuisle@udaras.ieealain@udaras.ie.

 

Critéir le haghaidh maoinithe

  1. Clár agus Plean Cuimsitheach ag léiriú chumas an ghrúpa/an choiste/na heagraíochta leis na haidhmeanna agus spriocanna a bhaineann leis na healaíona dúchasacha agus/nó leis an drámaíocht/amharclannaíocht óige a leagan síos agus a bhaint amach. Cuirtear béim chomh maith ar an bhforbairt agus ar an fhís fhadtéarmach maidir le hinmharthanacht an chláir.
  2. Comhionannas deiseanna rannpháirtíochta agus cur chuige ina bhfuil guth na hóige le cloisteáil agus á fhorbairt go láidir.
  3. Teagascóirí/áisitheoirí oilte atá ag fáil táillí cuí.
  4. Cumas Comhordaithe agus Riaracháin – go bhfuil sé de chumas ag an eagraíocht/ngrúpa/gcoiste agus ag an bhfoireann, imeachtaí agus seirbhís d’ardchaighdeán a sholáthar. Cuirfear na nithe seo san áireamh:
  • Cumas Riaracháin;
  • Acmhainní;
  • Saineolas agus taithí na foirne sa réimse (cleachtas um Chosaint Leanaí go háirithe, grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána san áireamh);
  • Cumas Comhoibrithe le grúpaí/coistí/oifigigh pleanála teanga/scoileanna aitheantas Gaeltachta.
  1. Úsáid na Gaeilge: Tabharfar tacaíocht do chláir a bheidh á soláthar agus á riar trí mheán na Gaeilge. Tá an scéim seo á reáchtáil mar thaca d’fheidhmiú an phróisis pleanála teanga. Tá béim faoi leith ar iarratais ina bhfuil nasc le feiceáil leis an bplean teanga áitiúil agus a léiríonn ceangal nó buntáiste do na scoileanna atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta trí chur chuige agus trí fheidhmiú an chláir.
  2. Córas Measúnaithe agus Monatóireachta trína ndéanfar foghlaim leanúnach ó thorthaí an chláir.

Tosaíochtaí Reatha na Scéime

Tabharfar tús áite do thograí a léiríonn go bhfuil bearna á líonadh acu nó go bhfuil réimse gníomh nua á fhiosrú nó á fhorbairt i gcomhthéacs na n-ealaíon dúchasach agus/nó na drámaíochta/na hamharclannaíochta don óige.

Coinníollacha má éiríonn le d’iarratas

Moltar d’iarratasóirí a chinntiú go mbeidh siad in ann na coinníollacha thíos a chomhlíonadh sa chás go n-éireoidh leis an iarratas.

  1. Is é an t-iarratasóir a bhfuil an deontas ceadaithe dó amháin a bheidh in ann éileamh a dhéanamh ar an gcúnamh airgeadais. Mar sin, cinntigh go bhfuil ainm an iarratasóra mar an gcéanna leis an ainm atá ar an gcuntas bainc agus ar na sonraí glanta cánach srl.
  2. Tá sé riachtanach do gach eagraíocht a mbíonn baint aici le leanaí agus le daoine óga Beartas um Chosaint Leanaí a bheith á cur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear Ráiteas um Chosaint Leanaí, Measúnú Riosca agus na nósanna imeachta cuí, agus a chloíonn leis na treoirlínte atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Chun cúnamh agus treoir reatha a fháil chun do bheartas agus do nósanna imeachta a fhorbairt, breathnaigh ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach: tusla.ie. Beidh ar iarratasóirí a n-éiríeoidh lena n-iarratas fianaise a chur ar fáil go bhfuil siad ag cloí leis na treoirlínte agus cóip dá mBeartas um Chosaint Leanaí agus an Ráiteas um Chosaint Leanaí a sheoladh ar aghaidh in éineacht leis an iarratas.
  3. Má cheadaítear aon deontas, ní mór don iarratasóir comhoibriú le haon phróiseas measúnaithe agus monatóireachta a chuireann Ealaín na Gaeltachta i bhfeidhm.
  4. Tá sé mar choinníoll docht go dtabharfar aitheantas poiblí d’Ealaín na Gaeltachta, d’Údarás na Gaeltachta agus don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcás go n-éireoidh le d’iarratas. Tá lógónna ar fáil ar ealain.ie agus ní mór iad a bheith ar taispeáint in aon fhoilseachán nó ar aon ábhar poiblíochta.
  5. Má cheadaítear cúnamh airgeadais don iarratas seo, beidh gá foirm thuairisce Ealaín na Gaeltachta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig an Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige, mar aon le 3 ghrianghraf (ar a laghad) i bhfoirm dhigiteach, d’úsáid ilghnéitheach Ealaín na Gaeltachta. Ní mór a dheimhniú go bhfuil cead faighte i scríbhinn ó thuismitheoirí/chaomhnóirí má tá páistí le feiceáil i ngrianghraf, agus ní mór a dheimhniú go bhfuil cead faighte ón ngrianghrafadóir sula roinnfear linn iad.
  6. Chun éileamh a dhéanamh ar an sciar deireanach den deontas, beidh gá le teastas iniúchóra ag deimhniú ioncam agus caiteachas iomlán an tionscadail. Tabhair faoi deara gur teastas ó iniúchóir atá i gceist anseo agus nach nglacfar le haon ní ach é.

Conas iarratas a dhéanamh

Is gá an fhoirm iarratais thíos a líonadh ina hiomláine agus an t-ábhar tacaíochta cuí a chur ar fáil. Tá sé inmholta go mbeadh an fhoirm iarratais clóite agus go gcuirfí chugainn í i dteannta scanadh den leathanach sínithe agus an t-ábhar tacaíochta cuí ar ríomhphost.

N.B. Tá sé riachtanach teagmháil a dhéanamh le foireann Ealaín na Gaeltachta sula ndéanfar iarratas ar an scéim seo. Seol r-phost chuig cuisle@udaras.ieealain@udaras.ie.

 

Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie