Cúlra & Comhthéacs na Scéime
Tá Daoine Óga aitheanta mar thosaíocht i Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027 agus tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chun deiseanna rannpháirtíochta sna healaíona don óige a chur i bhfeidhm. Tá clár Cuisle ag feidhmiú go straitéiseach chun clár sna healaíona dúchasacha (ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós, na healaíona béil – lúibíní, agallaimh beirte, scéalaíocht) agus clár drámaíochta/amharclannaíochta don óige sa Ghaeltacht a fhorbairt, trí réimse scéimeanna maoinithe, tacaíochtaí agus gníomhartha forbartha a chur ar fáil.
Aidhm na Scéime
Díríonn Scéim Treisiú ar dheiseanna don óige a chur chun cinn lasmuigh de chomhthéacs clár oiliúna. (Más clár oiliúna atá i gceist, déan iarratas trí Scéim Neartú.)
Tríd an scéim seo, tabharfar tacaíocht aon uaire do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí ar ardchaighdeán sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht atá dírithe ar an óige.
Tá an ciste seo ar oscailt do ghrúpaí agus do dhaoine aonair sna ceantair Ghaeltachta, le deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí ar ardchaighdeán don óige sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht.
Leibhéal maoinithe atá ar fáil:
€15,000 an t-uasmhéid maoinithe atá ar fáil d’aon tionscadal amháin faoin scéim seo. D’fhéadfaí, i gcásanna eisceachtúla, breis agus €15,000 a cheadú, ach an cur chuige straitéiseach a bheith pléite roimh ré le baill foirne Ealaín na Gaeltachta.
Beidh méid an deontais a bhronnfar ag brath ar an gclár/bplean oibre atá molta san iarratas, ar thaithí an ghrúpa, agus ar an mbuiséad atá ar fáil don scéim.
Ba chóir labhairt le foireann Cuisle nó leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún sula ndéanfar iarratas ar an scéim seo.
Samplaí de thionscadail a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin scéim:
- Tograí ó ghrúpaí, eagraíochtaí, ealaíontóirí nó ó ghrúpaí ealaíontóirí le saothar nua a chruthú i gcomhpháirt leis an óige, ina mbeadh béim ar ghuth na hóige, agus an óige a chumasú mar ealaíontóirí óga trí bheith ag obair i gcomhpháirt le healaíontóirí gairmiúla.
- Tograí ó ghrúpaí, eagraíochtaí, ealaíontóirí nó ó ghrúpaí ealaíontóirí le saothar nua a chruthú do lucht féachana/éisteachta óg.
- Tréimhse Chónaithe ina mbeadh ealaíontóir ag oibriú i gcomhar le grúpa(í) óige chun tionscadal sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht a fhorbairt.
- Coimisiún: Ealaíontóirí faoi choimisiún ag grúpa pobail/eagras ealaíon/ionad ealaíon/ féile, mar shampla, le saothar nua a chruthú ina mbeadh an óige mar sprioclucht féachana/éisteachta nó mar chomhpháirtithe cruthaitheacha i dtionscadal sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht.
- Taighde/réamhléiriú/meantóireacht ealaíon nó tréimhse idirchleachtais i dtreo seó, léiriú nó tionscadal a fhorbairt sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht atá díríthe ar lucht féachana/éisteachta óg.
Tionscadail/imeachtaí/iarratasóirí nach bhfuil incháilithe don scéim seo:
- Ranganna teagaisc/oideachais a chur ar fáil (féach Scéim Neartú chuige seo).
- Oiliúint cleachtais, freastal ar chúrsaí, nó tograí a bheadh níos feiliúnaí do scéimeanna eile de chuid Ealaín na Gaeltachta.
D’eagraíochtaí atá ag fáil maoiniú cheana féin ó Ealaín na Gaeltachta trí scéim eile, ní mór cás láidir a léiriú gur tionscadal iomlán éagsúil a bheidh i gceist anseo sa bhreis ar an maoiniú atá á fháil cheana.
Critéir le haghaidh maoinithe
Cuirfear tacaíocht ar fáil do phróiseas cruthaitheach samhailteach ar ardchaighdeán a bheidh á mheas faoi na critéir seo thíos:
- Cur chuige ina bhfuil guth na hóige lárnach sa phróiseas cruthaitheach.
- Rannpháirtíocht ealaíontóirí gairmiúla sa tionscadal agus iad ag fáil táillí cuí.
- Obair go dáta: taispeánfar go bhfuil saothar d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe ag an ealaíontóir/na healaíontóirí cheana agus taithí acu ag obair leis an óige.
- Cuirfear plean oibre san áireamh a thaispeánann aidhm, próiseas agus an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón togra agus an leas a bheadh ann don aos óg.
- Cur chuige soiléir maidir le rannpháirtíocht agus/nó forbairt lucht féachana/éisteachta don togra.
- Cur chuige soiléir maidir le meastóireacht, cuntas a choinneáil agus tuairisciú (le cruthú físe) a dhéanamh ar an togra ó thús go deireadh.
- Struchtúr/cumas láidir léirithe ag an eagraíocht/grúpa/coiste/duine mar aon le taithí ar bhainistiú agus cur i gcrích tionscadal léirithe ag na hiarrthóirí agus a bhfuil taithí acu i réimse na hóige.
- Go bhfuil foinsí eile maoinithe aimsithe don togra. Is féidir maoiniú, urraíocht agus sochar comhchineáil (m.sh. ionad) a chur san áireamh anseo.
- An Ghaeilge: Cuirfear an tionscadal i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.
- Na hEalaíona Dúchasacha agus/nó an Drámaíocht/Amharclannaíocht: Cuirfear béim ar na healaíona dúchasacha (ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós, na healaíona béil – agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht) agus/nó ar an drámaíocht/amharclannaíocht a chur chun cinn i measc na hóige. Cé go gcuirfear fáilte roimh thograí ildisciplíneacha, ní mór go mbeidh na healaíona dúchasacha agus/nó an drámaíocht/amharclannaíocht mar chuid lárnach den tionscadal.
Tosaíochtaí Reatha na Scéime:
- Tabharfar tús áite do thograí a léiríonn go bhfuil bearna á comhlíonadh acu nó go bhfuil réimse gníomh nua á fhiosrú nó á fhorbairt i gcomhthéacs na n-ealaíon dúchasach agus/nó na drámaíochta/na hamharclannaíochta don óige.
- Tabharfar tús áite d’iarratais ina bhfeictear go bhfuil comhoibriú agus/nó comhpháirtíocht i dtaobh roinnt acmhainní/saineolas agus dea-chleachtais le heagraíochtaí/coistí/grúpaí ealaíontóirí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
Coinníollacha má éiríonn le d’iarratas:
- Is don iarratasóir a cheadófar an cúnamh airgeadais. Mar sin, cinntigh go bhfuil ainm an iarratasóra mar an gcéanna leis an ainm atá ar an bhfoirm sonraí bainc, ar an teastas cánach (más ann dó) srl.
- Tá sé mar choinníoll docht go dtabharfar aitheantas poiblí do chlár Cuisle, d’Ealaín na Gaeltachta, d’Údarás na Gaeltachta agus don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcás go n-éireoidh le d’iarratas. Tá lógónna ar fáil ar an suíomh ealain.ie agus ní mór iad a bheith ar taispeáint in aon fhoilseachán nó ábhar poiblíochta.
- Má cheadófar an cúnamh airgeadais don iarratas seo, beidh gá le foirm thuairisce Ealaín na Gaeltachta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig an Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige, mar aon le 3 ghrianghraf (ar a laghad) i bhfoirm dhigiteach, le haghaidh úsáid ilghnéitheach Ealaín na Gaeltachta. Ní mór a dheimhniú go bhfuil cead faighte i scríbhinn ó thuismitheoirí/chaomhnóirí má tá páistí le feiceáil sa ghrianghraf, agus ní mór a dheimhniú go bhfuil cead faighte ón ngrianghrafadóir sula roinnfear linn iad.
- Tá sé riachtanach do gach eagraíocht a mbíonn baint aici le leanaí agus le daoine óga Beartas um Chosaint Leanaí a bheith á cur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear Ráiteas um Chosaint Leanaí, Measúnú Riosca agus na nósanna imeachta cuí, agus a chloíonn leis na treoirlínte atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Chun cúnamh agus treoir reatha a fháil chun do bheartas agus do nósanna imeachta a fhorbairt, breathnaigh ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach: tusla.ie. Beidh ar iarratasóirí a n-éiríonn lena n-iarratas fianaise a chur ar fáil go bhfuil siad ag cloí leis na treoirlínte agus cóip dá Ráiteas um Chosaint Leanaí agus Beartas um Chosaint Leanaí a sheoladh ar aghaidh in éineacht leis an iarratas.