Síol

Tá Scéim Síol oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair lasmuigh de chomhthéacs foirmeálta oideachais sna ceantair Ghaeltachta. Tabharfar tús áite do thograí atá á reáchtáil go hiomlán as Gaeilge.

Aidhm na Scéime

Tá sé i gceist go gcuirfidh Scéim SÍOL tacaíocht straitéiseach ar fáil le borradh a chur faoi na healaíona sa Ghaeltacht agus le triail a bhaint as tograí agus cuir chuige nua.

Is iad tosaíochtaí na scéime:

  • rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú;
  • rannpháirtíocht na hóige sna healaíona a mhéadú;
  • cur le cleachtas ealaíontóirí Gaeltachta.

Cé leis a dtacaíonn an scéim?

Scéim Síol oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair lasmuigh de chomhthéacs foirmeálta oideachais sna ceantair Ghaeltachta. Tabharfar tús áite do thograí atá á reáchtáil go hiomlán as Gaeilge.

Seo thíos roinnt samplaí de réimsí maoinithe na scéime seo:

  • Tograí, imeachtaí, féilte nó ceardlanna ealaíon, réiteach taispeántas/léirithe.

          Uasmhéid: €1,000

  • Seoladh taispeántais, leabhair, dlúthdhiosca.

          Uasmhéid: €300

Iarratais a Bhaineann leis an Óige

Tá an óige mar thosaíocht i straitéis reatha Ealaín na Gaeltachta, agus tá ciste sonrach againn le díriú ar fhorbairt na n-ealaíon dúchasach agus na drámaíochta don óige trí chlár Cuisle, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán. Is féidir iarratas a dhéanamh ar scéim Síol ar mhaithe le breis deiseanna sna healaíona don óige a fhorbairt lasmuigh de chomhthéacs foirmeálta oideachais . Táthar ag súil go mbeidh borradh faoi rannpháirtíocht na hóige sna healaíona ag leibhéal an phobail agus go mbeidh an óige fite fuaite i gcultúr na n-ealaíon sna ceantair Ghaeltachta.

Seo thíos roinnt samplaí de réimsí maoinithe maidir leis an óige:

  • Sraith imeachtaí don óige (.i.e., seisiún, oícheanta airneáin);
  • Imeachtaí idirghlúine;
  • Imeachtaí óige aon uaire (ceardlann, ceolchoirm, malartú & srl.);
  • Comhdhálacha agus féilte (seimineár, ardán don óige);
  • Meantóireacht (don óige);
  • Forbairt ar réimse na n-ealaíon béil (agallamh beirte, lúibíní srl).

Tabhair faoi deara nach bhfuil sna samplaí thuas ach treoir.

Cé leis agus cad leis nach dtacaíonn an Scéim?

Ní thacaíonn an Scéim leo siúd a fuair maoiniú trí Scéim Cothú. Ní féidir leo siúd a fuair deontas ón mbabhta deireanach de Scéim na bhFéilte, de Scéim Forbartha na nEalaíon ná den Scéim Sparánachta maoiniú a lorg trí scéim Síol don togra céanna.

Ní thacaíonn an Scéim le tograí ná le himeachtaí atá dírithe go príomha ar airgead a thiomsú do charthanachtaí.

Conas iarratas a dhéanamh:

Is gá iarratas a chur isteach sé seachtaine, ar a laghad, roimh dháta an togra, an imeachta nó na forbartha atá beartaithe.

Caithfidh an t-iarratasóir an fhoirm iarratais a líonadh ina hiomláine agus cur síos sonrach a dhéanamh ar an togra, imeacht nó forbairt atá beartaithe. Tá sé inmholta go mbeadh an fhoirm clóite agus go mbeadh sí sínithe ag an iarratasóir sula seolfaí i ríomhphost í. Más coiste nó eagraíocht atá i gceist, is gá go mbeadh an fhoirm sínithe ag Cathaoirleach an Choiste.

Sula ndéanfar iarratas, moltar teagmháil a dhéanamh leis an Áisitheoir Ealaíon i do cheantar agus/nó leis an Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige.

Conas a dhéanfar measúnú ar na hiarratais:

Déanfar na hiarratais a mheas de réir aidhmeanna agus thosaíochtaí na scéime, mar aon le

  • caighdeán ealaíne agus/nó rannpháirtíochta;
  • dea-chleachtas;
  • táillí cuí d’ealaíontóirí agus;
  • an comhthéacs áitiúil ealaíon.

Tá an buiséad teoranta agus ní bheifear in ann tacú le gach iarratas.

Ní féidir glacadh leis gur féidir le hiarratasóirí níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh laistigh de thréimhse bliana.

Ní gá go nglacfaí le hiarratais do thograí a bheadh níos oiriúnaí d’fhoinsí eile maoinithe, laistigh nó lasmuigh d’Ealaín na Gaeltachta.

Cad a tharlaíonn má cheadaítear deontas duit?

Eiseofar litir thairisceana a leagfaidh amach méid an deontais agus na coinníollacha a bhaineann leis. Is gá an litir seo a shíniú agus a chur ar ais chuig Ealaín na Gaeltachta, mar aon le foirm sonraí bainc sula n-íocfar an deontas. Is gá gurb ionann ainm an iarratasóra agus an t-ainm atá ar an gcuntas bainc.

Beidh gá le foirm thuairisce a chomhlíonadh mar aon le dhá ghrianghraf (ar a laghad) d’úsáid ilghnéitheach Ealaín na Gaeltachta.

Tabhair faoi deara:

Má tá teagmháil dhíreach le daoine óga mar chuid den mhéid atá beartaithe sa togra seo, is gá a chinntiú, sula gcuirfear tús le haon imeacht, go bhfuil an grúpa/duine aonair ag cloí leis na treoirlínte mar atá siad leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, agus go bhfuil Scrúdú um Ghrinnfhiosrúchán déanta, agus é glan, ag gach aon duine a bheidh ag obair leis na daoine óga.

Tá comhairle ar fáil ó Ealaín na Gaeltachta chun tacú le grúpaí agus le  daoine aonair cloí leis an reachtaíocht seo.

Aitheantas Poiblí

Beidh sé mar choinníoll go dtabharfar aitheantas poiblí d’Ealaín na Gaeltachta i gcás go n-éireoidh le d’iarratas.

I gcás tacaíochta ó chlár Cuisle, ón gclár sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó san Amharclannaíocht/Drámaíocht don Óige, is gá aitheantas poiblí a thabhairt d’Ealaín na Gaeltachta, d’Údarás na Gaeltachta agus don an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Tá lógónna ar fáil ar an suíomh gréasáin www.ealain.ie agus ní mór iad a bheith feiceálach in aon fhoilseachán nó ábhar poiblíochta.

Coinníollacha

  1. Má éiríonn le d’iarratas, is don iarrthóir a cheadófar an cúnamh airgeadais. (Cinntigh go bhfuil ainm an iarrthóra mar an gcéanna leis an ainm atá ar fhoirm na sonraí bainc.)
  2. Tá sé mar choinníoll docht go dtabharfaí aitheantas poiblí d’Ealaín na Gaeltachta, d’Údarás na Gaeltachta agus don Chomhairle Ealaíon i gcás go n-éireodh le d’iarratas. Tá lógóanna ar fáil ar an suíomh www.ealain.ie agus ní mór iad a bheith feiceálach in aon fhoilseachán nó ábhar poiblíochta.
  3. Má cheadaítear an cúnamh airgeadais don iarratas seo, beidh gá foirm thuairisce Ealaín na Gaeltachta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig an Áisitheoir Ealaíon, mar aon le dhá ghrianghrif (ar a laghad) d’úsáid ilghnéitheach Ealaín na Gaeltachta.
  4. Beidh gá le haon choinníoll breise a chuirfidh an tÁisitheoir Ealaíona in iúl duit a chur i bhfeidhm.
Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie