Cothú

Scéim d’eagraíochtaí ealaíon ionadbhunaithe sa Ghaeltacht atá ag soláthar clár leanúnach ealaíon don phobal trí mheán na Gaeilge.

Tá Ealaín na Gaeltachta tiomanta do bhonneagar ealaíon na Gaeltachta a neartú. Chuige sin, táimid ag glacadh le hiarratais ó eagraíochtaí ealaíon ionadbhunaithe sa Ghaeltacht atá ag soláthar clár ealaíon leanúnach don phobal trí mheán na Gaeilge.

Is gá d’iarrthóirí a léiriú conas a thagann a gclár ealaíne agus a spriocanna iomlána le tosaíochtaí na scéime:

  • Rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú;
  • Tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtais agus a ngairm bheatha a chothú agus a fhorbairt;
  • Tacú le deiseanna rannpháirtíochta don óige sna healaíona (má bhaineann le hábhar).

Ciste

Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta. Tugtar tús áite do na tograí sin a chomhlíonann critéir na scéime (átá luaite thíos) agus a bhí á maoiniú roimhe seo ag Ealaín na Gaeltachta faoin scéim Cothú. Mura bhfuil deontas faoin scéim Cothú faighte agat cheana féin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Áisitheoir i do reigiún sula gcuirfidh tú tús le d’iarratas chun a fháil amach an í seo an scéim is fearr do d’eagraíocht.

An Óige

Tá an óige mar thosaíocht i straitéis reatha Ealaín na Gaeltachta. Sa chás go bhfuil gníomhaíochtaí don óige beartaithe mar chuid den chlár, déan cinnte iad a lua go sonrach sa chlár agus sa bhuiséad.

Critéir le haghaidh maoinithe

  • Fís ealaíne agus cleachtas oibre a léiríonn spriocanna soiléire ealaíne, le béim ar ardchaighdeán sna healaíona agus sna próisis ealaíne.
  • Clár ealaíon d’ardchaighdeán. Is gá cur síos sonrach a dhéanamh ar an gclár atá beartaithe don tréimhse mhaoinithe seo, eolas faoi imeachtaí agus faoi ealaíontóirí san áireamh, mar aon le tuairisc chuimsitheach ar an gclár is déanaí atá curtha i bhfeidhm ag an eagraíocht.
  • Cumas agus acmhainní bainistíochta agus riaracháin atá láidir agus oiriúnach chun an clár ealaíon a chur i bhfeidhm agus na spriocanna ealaíne a bhaint amach:
    • Struchtúr láidir eagraíochta agus dea-chleachtas rialachais;
    • Acmhainní oiriúnacha foirne ar tháillí cuí;
    • Saineolas speisialtóra agus taithí oiriúnach;
    • Cumas láidir bainistithe buiséid agus cumas foinsí eile maoinithe a aithint.
  • Páirtíocht ealaíontóirí gairmiúla sa chlár agus táillí/rátaí cuí pá á n-íoc leo.
  • Úsáid na Gaeilge i gcur chuige agus i gcur i láthair an chláir.
  • Béim ar fhorbairt a dhéanamh ar lucht féachana & ar an rannpháirtíocht chun cur le rannpháirtíocht an phobail sa chlár.
  • Cleachtas Measúnaithe agus Monatóireachta trína ndéantar foghlaim leanúnach ó thorthaí an chláir.

*Ní féidir le heagraíochtaí atá maoinithe faoin Scéim Cothú cur isteach ar Scéim Forbartha na nEalaíon, ar an Scéim Síol ná ar Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht* 

Próiseas Iarratais

Is gá duit an t-iarratas a phlé leis an Áisitheoir Ealaíon áitiúil sula gcuirfidh tú isteach ar an scéim seo. Beidh gá an t-eolas seo a leanas a chur leis an iarratas:

  • Cóip den bhuiséad ina bhfuil briseadh síos sonrach ar ioncam agus ar chaiteachas an tionscnaimh.
  • Cuntais deireadh bliana na heagraíochta (na cuntais iomlána sínithe is déanaí atá ar fáil).
  • Bunreacht na heagraíochta nó meabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta (mura bhfuil cóip faighte againn cheana féin).
  • Cruthúnas ar thacaíocht eile – maoiniú, sochar comhchineáil srl.
  • Liosta de na healaíontóirí a bheidh páirteach agus naisc chuig samplaí dá gcuid oibre.
  • Cóip nó nasc don chlár is déanaí.
  • Tuairisc nó tuairisc eatramhach ar imeachtaí na heagraíochta don tréimhse mhaoinithe is déanaí. (Mura bhfuil foirm thuairisce don tréimhse mhaoinithe dheireanach curtha chuig Ealaín na Gaeltachta go dtí seo, tá sé riachtanach tuairisc eatramhach don tréimhse sin a chur leis an iarratas seo.)

Dea-chleachtas maidir le Daoine Óga

Tá sé riachtanach do gach eagraíocht a mbíonn baint aici le leanaí agus le daoine óga Beartas um Chosaint Leanaí a bheith á cur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear Ráiteas um Chosaint Leanaí, Measúnú Riosca agus na nósanna imeachta cuí, agus a chloíonn leis na treoirlínte atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015.

Nuashonrú Tábhachtach:

Maoiniú Ilbhliantúil

Tá Ealaín na Gaeltachta sásta a fhógairt go mbeidh deis ag eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoin Scéim Cothú 2026 cur isteach ar mhaoiniú ilbhliantúil do 2027 agus 2028.

Beidh leagan nuashonraithe d’fhoirm iarratais Chothú ar fáil in 2026 ina leagfar amach na critéir a bhainfidh le maoiniú ilbhliantúil.

Leagfar amach spriocdháta roimh dheireadh 2026 do na heagraíochtaí a shásóidh na critéir, le pleananna sonracha do 2027 agus dréacht-chlár do 2028 a chur isteach.

Scéim Meantóireachta d’Ionaid Ealaíon agus d’Eagraíochtaí Ealaíon

San fhómhar seo, sheol Ealaín na Gaeltachta scéim nua tacaíochta meantóireachta d’eagraíochtaí ealaíon ionadbhunaithe atá ag fáil maoinithe faoin Scéim Cothú. Tá sé dearbhaithe go leanfaidh an Scéim seo ar aghaidh in 2026.

Tá painéal saineolaithe curtha le chéile agus tugtar cuireadh d’ionaid ealaíne agus d’eagrais ealaíon iarratas a dhéanamh ar mheantóireacht sna réimsí thíos, nó ar mheantóireacht i réimse ar leith, mura bhfuil sé luaite sa liosta.

  • Airgeadas
  • Beartas Cosanta Leanaí
  • Clár Inbhuanaitheachta a fhorbairt sna hIonaid Ghaeltachta
  • Forbairt Clár
  • Forbairt Lucht Féachana
  • Gníomhú ar son na hAeráide & Inbhuanaitheacht
  • Measúnú agus Monatóireacht
  • Poiblíocht agus Margaíocht
  • Straitéis Ealaíne

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le d’áisitheoir ealaíon réigiúnach.

 

Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie