Oíche Chultúir sa Ghaeltacht

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2026.

Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith don phobal a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíon, agus oidhreachta, saor in aisce. Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026.

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2026. Fáiltíonn muid roimh iarratais a thugann deis don óige a bheith rannpháirteach agus ceiliúradh a dhéanamh ar a gcultúr.

*Tá buiséad teoranta againn don scéim seo agus ní féidir glacadh leis go mbeidh maoiniú/an t-uasmhéid ar fáil d’aon togra. Tabharfar tús áite do ghrúpaí/daoine aonair a dhéanann ceangal agus comhoibriú le grúpaí eile le himeachtaí a reáchtáil i dteannta a chéile ionas gur féidir leis an bpobal an tairbhe is mó a bhaint as an Oíche.

Critéir le haghaidh maoinithe

Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh agus an t-iarratas á mheas:

  • Cur chuige soiléir léirithe i leith imeacht cultúrtha atá cruthaitheach, samhlaíoch agus ar ardchaighdeán do phobal na Gaeltachta;
  • Go mbeidh an Ghaeilge lárnach sa chlár agus i reáchtáil an imeachta;
  • Páirtíocht ealaíontóirí gairmiúla san ócáid agus iad ag fáil táillí cuí;
  • Ceangal agus comhoibriú le grúpaí eile;
  • An t-imeacht/na himeachtaí a bheith saor in aisce don phobal le freastal orthu;
  • Go ndéanfar poiblíocht mhaith ar an imeacht in am cuí.
Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie