Scéim Forbartha na nEalaíon

Tá an scéim seo oscailte do ghrúpaí, d’eagraíochtaí, d’ealaíontóirí agus do dhaoine aonair sna ceantair Ghaeltachta le deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí ealaíon d’ardchaighdeán agus iad a chur ar siúl sa Ghaeltacht.

Aidhm na Scéime

Tabharfaidh an scéim tacaíocht aon uaire do thionscadail ealaíon agus deis le gníomhaíochtaí ealaíon ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur ar siúl sa Ghaeltacht.

Tosaíochtaí na Scéime

Freagraíonn an scéim seo go sonrach do na tosaíochtaí seo a leanas i bPlean Straitéiseach Ealaín na Gaeltachta 2023-2027:

  • Rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú;

agus/nó

  • Tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtais agus a ngairm bheatha a chothú agus a fhorbairt.

Samplaí de thionscadail a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin scéim

  • Tionscadail ó ghrúpaí nó ó ghréasáin ealaíontóirí le saothar nua a chruthú nó le saincheist ealaíne a fhreagairt do phobal na Gaeltachta nó i gcomhar leo.
  • Tréimhse chónaitheach ina mbeadh ealaíontóir ag obair i gcomhpháirt le grúpa pobail/eagraíocht ealaíon/ionad ealaíon/scoil.
  • Tionscadail ealaíon líonraithe agus fiosrúcháin cleachtas ealaíne a chur chun cinn –siompóisiam, seimineár, taispeántas nó léiriúchán, mar shampla.
  • Coimisiún: Ealaíontóirí a chur faoi choimisiún le saothar nua a chruthú mar chuid de ghrúpa pobail/eagraíocht ealaíon/choiste, mar shampla.
  • Taighde/réamhléiriú ealaíon nó tréimhse idir-chleachtais le seó, léiriúchán nó tionscadal ealaíon a fhorbairt.

Tionscadail agus/nó iarratasóirí nach bhfuil incháilithe faoin scéim seo

  • Eagraíochtaí atá ag fáil maoinithe cheana féin faoin Scéim Cothú atá ag Ealaín na Gaeltachta.
  • Tionscadail/Gníomhaíochtaí atá níos oiriúnaí do scéimeanna maoinithe eile de chuid Ealaín na Gaeltachta nó de chuid eagraíochtaí eile.
  • Féilte ealaíon, cé is moite den chás a mbeadh lucht eagraithe na féile ag feidhmiú mar choimisinéir lasmuigh de chomhthéacs na féile féin.*
  • Féilte pobail, spóirt nó turasóireachta Gaeltachta.
  • Tionscadail taifeadta nó foilseacháin (ceol, litríocht, eile) lena n-áirítear aon obair réamhullmhúcháin a bhaineann leo.
  • Oiliúint cleachtais, freastal ar chúrsaí nó eile, nó tionscadail a bheadh níos feiliúnaí do Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí, don scéim Síol nó don scéim Oiliúna.
  • Tionscadail ealaíon don óige a bhfuil baint acu leis na healaíona dúchasacha nó leis an drámaíocht. Is gá iarratais maidir leo siúd a dhéanamh tríd an scéim Treisiú.
  • Forbairt gnólachtaí cruthaitheacha.

*tá Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht á reáchtáil ag Ealaín na Gaeltachta agus ag an gComhairle Ealaíon lena n-aghaidh seo.

Critéir na Scéime

Déanfar na hiarratais a mheas de réir chritéir na scéime agus i gcomhthéacs bhonneagar Ealaín na Gaeltachta. Beidh iarratais á meas de réir na gcritéar thíos:

  • Próiseas cruthaitheach samhlaíoch ar ardchaighdeán agus plean oibre a thaispeánann aidhm, an próiseas agus an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón tionscadal;
  • Páirtíocht ealaíontóirí gairmiúla sa tionscadal agus iad ag fáil táillí cuí;
  • An Ghaeilge: Is trí mheán na Gaeilge a dhéanfar an tionscadal;
  • Cur chuige soiléir maidir le rannpháirtíocht agus/nó forbairt lucht féachana don tionscadal;
  • Obair go dtí seo: Taispeánfar go bhfuil saothar d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe ag an ealaíontóir/ag na healaíontóirí/ag an ngrúpa cheana;
  • Struchtúr/Cumas láidir léirithe ag an gcoiste/eagraíocht/ngrúpa/duine mar aon le taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal;
  • Cur chuige soiléir maidir le meastóireacht, cuntas a choinneáil agus tuairisciú (le cruthú físe) a dhéanamh ar an tionscadal ó thús go deireadh;
  • Foinsí eile maoinithe agus tacaíocht aimsithe don tionscadal. Is féidir maoiniú, urraíocht & sochar comhchineáil (m.sh. ionad) a chur san áireamh anseo;
  • Beidh an tionscadal fréamhaithe i gcomhthéacs an cheantair agus beidh tionchar aige ar fhorbairt na n-ealaíon agus ar neartú réimsí ealaíne faoi leith go háitiúil agus go réigiúnach.   

Tabharfar tús áite do thionscadail a bhfuil comhoibriú ar bun acu le heagraíochtaí/grúpaí eile Gaeltachta agus/nó náisiúnta.

Cúrsaí cánach & tréimhse an deontais

Beidh ar iarratasóirí a n-éiríonn lena n-iarratas fianaise a chur ar fáil go bhfuil a gcuid cúrsaí cánach in ord. Caithfear aon mhaoiniú a cheadófar a éileamh taobh istigh de thréimhse 18 mí. Mura n-éileofar an maoiniú taobh istigh den tréimhse sin, cuirfear ar ceal é.

Tá dhá chéim sa phróiseas iarratais ar Scéim Forbartha na nEalaíon 2026:

Céim 1

Léiriú Spéise a dhéanamh leis an áisitheoir réigiúnach roimh spriocdháta an léirithe spéise. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh leis an áisitheoir ealaíon réigiúnach, trí ríomhphost nó glaoch fóin.

Spriocdháta Léirithe Spéise, Babhta 1

2 Feabhra 2026

Spriocdháta Léirithe Spéise, Babhta 2:

20 Meitheamh 2026

 

Céim 2

Iarratas forbartha a sheoladh isteach roimh spriocdháta Scéim Forbartha na nEalaíon.

Spriocdháta Scéim Forbartha na nEalaíon, Babhta 1:

5 Márta 2026

Spriocdháta Scéim Forbartha na nEalaíon, Babhta 2:

23 Iúil 2026

Is gá an fhoirm iarratais agus an buiséad a líonadh ina n-iomláine agus a chur chugainn i dteannta an ábhair tacaíochta riachtanaigh agus roghnaigh roimh spriocdháta na scéime.

Nuair a bheidh an t-áisitheoir sásta go bhfuil an t-iarratas, buiséad agus na doiciméid tacaíochta ar chaighdeán sásúil agus go gcomhlíonann siad na critéir, cuirfear ar aghaidh é chuig an gcéad chruinniú boird eile de chuid Ealaín na Gaeltachta.

D’fhéadfadh an t-áisitheoir an t-iarratas a choinneáil siar go dtí go mbeadh sé forbartha go leor le cur os comhair an bhoird. Cuirfear an t-eolas seo ar fad in iúl duit le linn an phróisis.

Rochtain

Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh a iarraidh chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.

Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie