Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht

Tá Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht oscailte d’fhéilte ealaíon Gaeltachta atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge

Critéir le haghaidh maoinithe

Beidh an t-iarratas á mheas de réir na gcritéar seo a leanas:

  • Fís shoiléir ealaíne agus clár cruthaitheach samhlaíoch imeachtaí d’ardchaighdeán.
  • An Ghaeilge lárnach i gcur chuige agus i gcur i láthair na féile.
  • Plean/Sprioc shoiléir ó thaobh lucht féachana/rannpháirtíochta a mhealladh, a fhás agus a leathnú amach, agus béim faoi leith ar phobal na Gaeltachta.
  • Rannpháirtíocht ealaíontóirí gairmiúla san fhéile, agus táillí cuí á n-íoc leo.
  • Cumas bainistíochta agus riaracháin ina gcuirfear taithí an duine/an ghrúpa, struchtúr, agus réimse saineolais agus speisialtóra san áireamh.
  • Plean i dtaca le meastóireacht, forbairt agus feabhsú leanúnach na féile agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhféile nuair a bheidh sí críochnaithe.
  • Léirítear mar atá an fhéile fréamhaithe i gcomhthéacs an cheantair agus an tionchar a bheidh aici ar fhorbairt na n-ealaíon agus ar neartú réimsí ealaíne faoi leith go háitiúil agus go réigiúnach.
  • Foinsí eile tacaíochta aimsithe don fhéile. Is féidir maoiniú, urraíocht, úsáid ionaid, am deonach, comhpháirtíochtaí agus sochar comhchineáil a chur san áireamh anseo.

Tabhair faoi deara

  • Nach nglacfar le hiarratais ar an scéim seo ó eagrais atá ag fáil maoiniú tríd an Scéim Cothú.
  • Nach gceadaítear maoiniú faoin deontas seo i leith aon ghné a bhaineann le comórtas le linn aon fhéile.

Ciste

Tá uasmhéid tacaíochta €15,000 ar fáil. Déanfar iarratais ar an scéim a mheas de réir na gcritéar thuasluaite. Tá an scéim seo iomaíoch agus tá an buiséad teoranta.

Coinníollacha Deontais

Caithfear aon mhaoiniú a cheadófar a éileamh taobh istigh de thréimhse 18 mí. Mura n-éileofar an maoiniú taobh istigh den tréimhse sin, cuirfear ar ceal é.

Tá sé riachtanach do gach eagraíocht a mbíonn baint aici le leanaí agus le daoine óga Beartas um Chosaint Leanaí a bheith á cur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear Ráiteas um Chosaint Leanaí, Measúnú Riosca agus na nósanna imeachta cuí, agus a chloíonn leis na treoirlínte atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015.

Próiseas Iarratais

Is gá an fhoirm iarratais a líonadh ina hiomláine agus a chur chugainn i dteannta an ábhair tacaíochta riachtanaigh agus roghnaigh roimh spriocdháta na scéime. Tá sé riachtanach go mbeadh an fhoirm sínithe ag Cathaoirleach an Choiste/Stiúrthóir an Eagrais, chomh maith lena bheith sínithe ag finné/ball eile den choiste/d’fhoireann an eagrais. Is gá an t-iarratas iomlán a chur ar ríomhphost chuig ealain@udaras.ie. Mura bhfaighidh tú admháil go bhfuil d’iarratas faighte againn laistigh de thrí lá oibre, déan teagmháil linn.

Rochtain

Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh a iarraidh chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.

Cúige Mumhan

Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie

Tír Chonaill

Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí

Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie

Cuisle

Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie

Fiosrúcháin ghinearálta/General queries Ríomhphost: ealain@udaras.ie