Tá an Scéim Oiliúna oscailte d’ealaíontóirí, d’eagrais nó do dhaoine aonaracha atá ag forbairt nó ag cur na n-ealaíon chun cinn sa Ghaeltacht. Tacaíonn an Scéim le deiseanna oiliúna agus traenála a bhaineann le cleachtas agus gairm ealaíne a fhorbairt agus le deiseanna cumasú agus dea-chleachtas a fhorbairt in earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Tacóidh an scéim le hoiliúint ghairmiúil, nó le hoiliúint ar chaighdeán gairmiúil.
Tá an óige mar thosaíocht i straitéis reatha Ealaín na Gaeltachta, agus tá ciste sonrach againn le díriú ar fhorbairt na n-ealaíon dúchasach agus na drámaíochta don óige trí chlár Cuisle, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Oiliúna ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar chleachtais ealaíontóirí nó oibrithe ealaíon Gaeltachta atá ag plé leis na healaíona don óige, lasmuigh de chomhthéacs an oideachais foirmeálta.
I gcomhthéacs na hóige, d’fhéadfadh an Scéim Oiliúna tacú le cúrsaí, le forbairt ghairmiúil nó le meantóireacht d’ealaíontóirí maidir lena gcleachtas sna healaíona don óige.
Moltar teagmháil a dhéanamh leis an Áisitheoir Ealaíon nó leis an Oifigeach Forbartha Ealaíon don Óige sula ndéanfar iarratas ar an Scéim.
Caithfidh iarratasóir an fhoirm iarratais a líonadh ina hiomláine le cur síos sonrach a thabhairt ar an oiliúint atá beartaithe. Tá sé inmholta go mbeadh an fhoirm clóite agus go mbeadh sí sínithe ag an iarratasóir sula gcuirfí i ríomhphost í chuig cuisle@udaras.ie (má bhaineann an t-iarratas leis an óige) nó chuig ealain@udaras.ie (mura mbaineann). Is gá aon ábhar tacaíochta riachtanach a chur leis an iarratas agus é a chur ar aghaidh ar a laghad ceithre seachtaine roimh dháta tosaigh na hoiliúna.
Eiseofar litir thairisceana a leagann amach méid an deontais agus na coinníollacha a bhaineann leis. Is gá an litir seo a shíniú agus a chur ar ais chuig Ealaín na Gaeltachta mar aon le foirm sonraí bainc sula n-íocfar an deontas. Is gá gurb ionann ainm an iarratasóra agus an t-ainm atá ar an gcuntas bainc.
Marina Ní Dhubháin
066 9150100
m.nidhubhain@udaras.ie
Danielle Nic Pháidín
074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie
Ceara Conway
091 503100
c.conway@udaras.ie
Freda Nic Giolla Chatháin
091 503100
cuisle@udaras.ie