Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí 2023

Spriocdháta, Déardaoin, 3 Lúnasa 2023

TREOIR

  1. Faoin Scéim

Cuirtear fáilte roimh ealaíontóirí Gaeltachta, ag chuile staid dá gcleachtas gairmiúil, iarratas a dhéanamh ar an Scéim Sparánachta.

Aidhm na Scéime

Is é aidhm na scéime seo ná tacú le healaíontóirí aonaracha am a chur ar leataobh lena gcleachtas a fhorbairt i dtreo bairr-feabhais a bhaint amach ina gcleachtais.

Cé ar atá an Scéim seo dírithe?

Tá an scéim dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí, ag chuile staid dá gcleachtas gairmiúil agus a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag an Scéim seo tacú le healaíontóirí atá luath ina gcleachtas, chomh maith leo siúd atá fadbhunaithe.

Fáiltímid roimh iarratas ó ealaíontóirí in aon mheán nó réimse ealaíona, m.sh. litríocht, ceol, amharclannaíocht, scannánaíocht, fís-ealaíon, rince, & r.l.

Is gá go dtaispeánfaidh d’iarratas go bhfuil saothar nó poitéinseal d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe agat, go bhfuil cáilíochtaí agus/nó taithí cuí agat maidir le do chleachtas ealaíona agus go n-aithneofar mar chleachtóir gairmiúil tú i measc do chomhealaíontóirí. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach agat ó do chleachtas ealaíona. 

Ní ghlacaimid le hiarratais uathu siúd atá go fóill sa chóras oideachais. Is féidir eisceacht a dhéanamh má tá ealaíontóir i lár a g(h)airm agus ag tabhairt faoi iarchéim. Sa chás seo, ní thacóidh sparánacht le hábhar atá bainteach leis an iarchéim féin.

Cé méid airgead gur féidir liom cur isteach ar?

Is gá don t-iarrthóir roghnú idir dhá shraith deontais.

  1. €5,000 an t-uasmhéid d’ealaíontóir atá luath ina gcleachtas
  2. €10,000 an t-uasmhéid d’ealaíontóirí atá níos aibí ina gcleachtas

Is faoin t-ealaíontóir é iad féin a aithint mar ealaíontóir atá ‘luath ina gcleachtas’. D’fhéadadh sé seo bheith bainteach le bheith ag cleachtadh go gairmiúil ar feadh tréimhse níos lú ná 5 bliana, nó ag filleadh ar a gcleachtas ealaíona tar éis bearna suntasach ama, nó nach bhfuil mór-aitheantas bainte amach go fóill don saothar ealaíne. 

Cad leis a thacóidh an Sparánacht?

Tacóidh sparánacht leat do chuid ama a dhíriú ar do chleachtas ealaíona, don chuid is mó.

Is ar chostas do chuid ama féin atá an bhéim, cé go nglacfar le haon chostais a bheadh lárnach nó riachtanach don bpróiseas cruthaitheach agus d’fhorbairt do chleachtas. D’fhéadfadh sparánacht:

  • tacú le costais mhaireachtála ionas gur féidir leat díriú go sonrach, ar feadh tréimhse, ar do chleachtas ealaíne
  • tacú leat saothar faoi leith a fhorbairt trí chostas ábhar a chlúdach
  • tacú leat ealaíontóir eile a bheith mar mheantóir agat ar feadh tréimhse
  • tacú leat trealamh riachtanach a thógáil ar cíos nó a cheannach*
  • tacú leat freastal ar thréimhse chónaitheach

*Ní ghlacfar le caiteachas níos mó ná 30% den mbuiséid ar threalamh.

  • Conas iarratas a dhéanamh

San fhoirm iarratais, déan cur síos soiléir agus cuimsitheach ar do chleachtas go dtí seo agus ar an méid gur mhaith leat a bhaint amach le cabhair na sparánachta. Seol chugainn, leis an fhoirm iarratais, ábhair thacaíochta a léireoidh do chleachtas go soiléir.

Is gá an fhoirm iarratais agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chugainn roimh an spriocdháta – an 3 Lúnasa 2023.

Text Box: Inrochtaineacht
Dá mba mhaith leat tacaíocht a fháil le d’iarratas de bharr riachtanas inrochtaineachta, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie.
Moltar comhairle/tacaíocht a lorg chomh fada roimh ré agus is féidir leat. 
Ní féidir glacadh go mbeidh an painéil ar an eolas faoi do chleachtas nó do shaothar ealaíne. Is painéil neamhspleácha idirdhisciplíneacha a dhéanann measúnú ar na hiarratais, le painéil difriúla gach bliain.

Ábhar Tacaíochta

Is gá an t-ábhar seo leanas a chur leis an t-iarratas, ionas go mbeidh a dhóthain eolais ar fáil don bpainéil chun na hiarratais a mheas go cothrom:

  • Do CV ealaíne agus CV aon ealaíontóir eile a bheidh páirteach sa mhéid atá molta agat i gceist 6 san iarratas (meantóir mar shampla). Ná bíodh sonraí teagmhála pearsanta ar aon CV.
  • Samplaí de do shaothar ealaíne (féach thíos do sonraí faoi conas iad seo a chur ar fáil)
  • Eolas ábhartha ar bith eile a thacóidh leis an bpainéil d’iarratas nó do chleachtas a thuiscint.
  • Más mian leat a bheith ag obair le meantóir nó le ealaíontóir eile, ní mór a CV & litir chomhaontaithe uathu a chur leis an t-iarratas.

Conas samplaí do do shaothar ealaíona a roinnt linn

Ba mhaith linn go mbeadh an painéal in ann na samplaí is fearr do do chleachtais ealaíne a fheiceáil, a chloisteáil nó a léamh. Chuige seo, molfaimid go mbeidh samplaí do do shaothar is déanaí san áireamh agat leis an iarratas. Má bhaineann an t-iarratas le níos mo ná réimse amháin ealaíona, is fiú samplaí saothar a chur ar fáil a thugann léargas ar seo.

Níl ach am teoranta ag an bpainéil na hiarratais go léir a mheas. Is uasmhéid de 5 sampla saothair gur féidir a chur leis an iarratas. Má tá níos mó ná réimse ealaíne amháin i gceist, is féidir suas go 5 sampla do gach réimse a chuir isteach. Is samplaí don saothar féin atá ag teastáil (m.s. sliochtanna litríochta, míreanna ceoil, íomhánna de do shaothar físealaíne, físeán d’ábhar amharclannaíochta) seachas ábhar bainteach leis an saothar (m.s. cóip do chlúdach leabhar, grianghraif don ealaíontóir, póstaer d’imeacht & rl).

Ionas go mbeidh teacht ag an bpainéil ar do chuid samplaí saothair, molaimid go láidir na formáid thíos a úsáid, ar an gcaighdeán is airde gur féidir. Ní ghlacfaimid le cruachóipeanna de shaghas ar bith. Má tá deacracht ar bith agat le seo, téigh i dteagmháil linn chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir.

  • Téacs: .rtf/.doc/.docx/.txt/.pdf (cúig leathanach, ina iomlán, ar a mhéid)
  • Íomhá: .jpg/.jpeg/.gif/.tiff/.png (300dpi ar a laghad, suas go 5 íomhá)
  • Fuaim: .wav/.mp3/.m4a (suas go 5 mhír)
  • Físeáin: .avi/.mov/.mp4 (suas go 5 mhír, molfaimid gan seó ríl a chur sna áireamh)

In airde ar na formáid thuas, is féidir nascanna a sheoladh chugainn go YouTube, SoundCloud nó BandCamp. Má tá pasfhocal ag teastáil, ná déan dearmad é a chur leis an nasc, agus deimhnigh go bhfuil an nasc ag feidhmiú.

Is féidir saothar a roinnt linn trí Google Drive (roinn na cóid/fillteáin le ealain1998@gmail.com), Dropbox nó WeTransfer.

Cosaint Sonraí

Chun d’iarratas a mheas, beidh an t-eolas a thugann tú dúinn ar an bhfoirm iarratais (seachas na sonraí teagmhála ar leathanach 1) agus an t-ábhar tacaíochta á roinnt le baill an phainéil agus baill de Bhord Ealaín na Gaeltachta.

  • Conas a dhéanfar meastachán ar d’iarratas?

Is scéim iomaíoch í seo le buiséad srianta. Is painéal neamhspleách idirdhisciplíneach d’ealaíontóirí agus saineolaithe ealaíona a dhéanfaidh meastóireacht ar na hiarratais, ag baint úsáid as an gcóras scórála thíos, atá bunaithe ar na critéir seo a leanas. Is é bord Ealaín na Gaeltachta a dheimhníonn an cinneadh chríochnúil.

Critéir le haghaidh maoiniú

  1. : caighdeán do shaothar go dáta nó an poitéinseal a léiríonn sé, tugtar uaillmhianacht & úrnuacht an tsaothair san áireamh. An tionchar a mheastar a bheidh ag an fhorbairt ealaíne atá molta agat san iarratas ar do chleachtas ag an am áirithe seo.
  2. : Is gá go dtaispeánfaidh d’iarratas go bhfuil saothar nó poitéinseal d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe agat, go bhfuil cáilíochtaí agus/nó taithí cuí agat maidir le do chleachtas ealaíona agus go n-aithneofar mar chleachtóir gairmiúil tú i measc do chomhealaíontóirí. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach agat ó do chleachtas ealaíona. 
  3. : Tá an scéim seo dírithe ar ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Déanfaidh tú cur síos san iarratas ar chonas mar a bhíonn tú ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacs na Gaeltachta.

Córas scórála

Caighdeán ealaíona: taithí agus saothar ealaíona agus/nó an poitéinseal atá léirithe ag an iarratasóir go dáta (de réir ceist 5 agus an ábhar thacaíochta)30
Conas mar a thagann an t-iarratas le haidhm na scéime (de réir ceist 6 agus an ábhar thacaíochta)30
Gaeltacht & Gaeilge (de réir ceist 7)30
An bhfuair an t-iarrthóir tacaíocht tríd an Scéim Sparánachta cheana (-5 má fuair tú le dhá bhliain anuas, 0 má fuair anuraidh, 5 muna bhfuair le dhá bhliain anuas)5
Caighdeán an ábhair thacaíochta5

Coinníollacha Deontais

Má bhronntar Sparánacht ort beidh ort glacadh leis na coinníollacha deontais agus éileamh a dhéanamh ar an deontas laistigh de 18 mhí ó dháta na tairisceana. Beidh ort sonraí glanta cánach le chur ar fáil dúinn chun éileamh a dhéanamh ar an céad 75% don ndeontas agus tuairisc a roinnt linn faoin méid a bhain tú amach le cabhair na sparánachta chun éileamh a dhéanamh ar an 25% deireanach.

Bí i dteagmháil linn

Is féidir, agus moltar, labhairt leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún, a bheidh lán sásta cabhrú leat d’iarratas a dhéanamh. Tá fáilte teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist ar bith agat. Dá bharr líon na n-iarratais a bhíonn ag teacht isteach ar an spriocdháta, moltar an t-iarratas a ullmhú, agus comhairle a lorg, chomh fada roimh ré agus is féidir leat. Ní féidir linn geallúint go mbeimid in ann tacú leat ar lá an spriocdháta.

Connacht & Co. na Mí:  Beartla Ó Flatharta 091 503100 b.oflatharta@udaras.ie

Tír Chonaill: Danielle Nic Pháidín 074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie 

Cúige Mumhan: Rachel Holstead/Clíodhna Ní Bheaglaoich 066 9150100 r.holstead@udaras.ie/c.nibheaglaoich@udaras.ie 

Suíomh Idirlín: www.ealain.ie  Ríomh phost: ealain@udaras.ie

Tá an Scéim Sparánachta á có-mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.