Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe

Reáchtálfar Galway Tradfest – Féile Cheoil Thraidisiúnta na Gaillimhe – den chéad uair an tseachtain seo chugainn ar fud Chontae na Gaillimhe.

Tá ríméad ar Ealaín na Gaeltachta a bheith ag obair le Music Generation Chontae na Gaillimhe chun an clár oideachais do dhaoine óga – GEATA – a chur ar siúl mar chuid de Galway Tradfest a bheidh ar siúl 11-17 Samhain ar fud Chontae na Gaillimhe.

Beidh máistir-ranganna ar siúl i gColáiste Bhaile Chláir ar an Domhnach, an 17 Samhain, agus beidh cuid acu i nGaeilge. Ina measc siúd, beidh máistir-rang sa bhosca ceoil le hiarbhuaiteoir Ghradam Ceoil TG4, Conor Connolly, máistir-rang sa chonsairtín le Edel Fox, agus máistir-rang ar an veidhlín le Sinéad McKenna. Dóibh siúd a bhfuil fonn steipe orthu tar éis an Oireachtais, beidh máistir-rang sa damhsa ar an sean-nós le fir Chill Chiaráin, Gearóid agus Pádraig Ó Dubháin, agus beidh ceardlann rince seite le Christy Mac Gearailt as Corca Dhuibhne.

Reáchtálfar ceardlann thar a bheith speisialta in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar an Satharn, an 16 Samhain, uair a bheidh deis ag amhránaithe óga tabhairt faoi cheardlann amhránaíochta le baill Bhláth na hÓige. Mar sméar mullaigh air sin, beidh deis ag rannpháirtithe na ceardlainne sin dul ar ardán le Bláth na hÓige sa cheolchoirm a bheas acu sa Taibhdhearc, ar an Domhnach, an 17 Samhain.

Gheobhaidh gasúir óga na Gaeltachta deis freastal ar sheó álainn le scéalaíocht, amhránaíocht, ceol agus damhsa ina gceantar féin. Léireofar ‘Draíocht an Dúlra‘ ar an Luan, an 11 Samhain, i Halla Pobail Cheantar na nOileán agus i Scoil Náisiúnta na bhForbacha.

Tá seachtain iontach d’imeachtaí leagtha amach, agus tá na sonraí go léir faoi chlár GEATA ar an suíomh gréasáin: https://galwaytradfest.ie/geata/

Tréaslaímid ó chroí le Music Generation Chontae na Gaillimhe as an obair iontach seo, agus guímid gach rath ar an bhféile.