Iarratas ar Luachan le haghaidh conradh seirbhíse Poiblíochta agus Bainistíochta Meán Sóisialta

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

Logo for Ealaín na Gaeltachta with blue cursive text and a large, textured orange brushstroke circle in the background. Ealaín na Gaeltachta appears above bold, black uppercase text below the logo.

 

Iarratas ar Luachan

le haghaidh conradh seirbhíse Poiblíochta agus Bainistíochta Meán Sóisialta

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg luachana do sheirbhísí poiblíochta agus bainistíochta meán sóisialta chun tacú le hobair na heagraíochta.

Tá an tseirbhís seo de dhíth ar bhonn ghearrthréimhseach chun seirbhís leantach a dheimhniú i rith tréimhse saoire.

An tSeirbhís

Gaeilge
  • Is í an Ghaeilge teanga na heagraíochta agus is tosaíocht é go gcuirfear an tseirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge
Inrochtaineacht
  • Ábhar a chruthú a chomhlíonann tiomantas agus riachtanais inrochtaineachta na heagraíochta
Cumarsáid
  • Cumarsáid a dhéanamh go pras, go soiléir agus go rialta leis an bhfoireann agus le páirtithe leasmhara chun rathúlacht agus tráthúlacht na seirbhíse a dheimhniú
Dearthóireacht & cruthú ábhar (rialta)
  • Ábhar ar ardchaighdeán a chruthú ar Canva, a thagann le branda na heagraíochta
  • Ábhar mealltach a chruthú do na meáin shóisialta, a thagann le branda na heagraíochta
  • Dearthóireacht ar thuairisc deireadh bliana na heagraíochta de réir bhranda na heagraíochta
Bainistiú na meán sóisialta (rialta)
  • Ábhar agus feachtais ar na meáin shóisialta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.
  • Cuntais Instagram, Facebook, TikTok, X, YouTube agus LinkedIn na heagraíochta a bhainistiú
Nuachtlitir (míosúil)
  • Nuachtlitir míosúil a chur le chéile agus a eisiúint
Bainistiú suíomh idirlinn (rialta)
  • Deimhniú go gcrochtar nuacht agus ábhar eile ar an suíomh in am cuí
Bainistiú feachtais phoiblíochta (ócáideach)
  • Preasráitis agus íomhánna oiriúnacha a dháileadh ar na meáin
  • Láithreacht an fheachtais a dheimhniú sna meáin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
  • Agallaimh sna meáin agus deiseanna poiblíochta a shocrú.
Monatóireacht & Tuairisciú (leanúnach/deireadh na tréimhse)
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chlúdach sna meáin agus tuairisc ghearr a chur ar fáil ag deireadh na tréimhse.

Tréimhse

Is conradh do sheirbhísí a bheidh i gceist a mhairfidh ón 19 Deireadh Fómhair – 31 Nollaig 2026. D’fhéadfaí faid a chur leis an gconradh ag brath ar chúinsí agus ar bhuiséad.

Costas

Is gá costas soiléir a chur ar an obair, a chuimsíonn CBL agus gach costas a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar.

Conas luachan a sholáthar

Fáilteoimid roimh luachan a chuimsíonn:

  • Samplaí de bhur gcuid oibre sa réimse seo go dtí seo
  • Deimhniú ar thaithí agus scileanna ábhartha
  • Luachan ina bhfuil briseadh síos soiléir ar an gcostas agus líon uaireanta an chloig seirbhíse

Is gá an t-ábhar uilig a sheoladh ar ríomhphost chuig: Margaret Anne Ní Fhearraigh, Ealaín na Gaeltachta ma.nifhearraigh@udaras.ie agus “Seirbhís Poiblíochta 2026” a chur mar ábhar an ríomhphoist roimh 4.00 i.n. Déardaoin, an 8 Deireadh Fómhair 2026.

Toradh

Cuirfear toradh an phróisis in iúl do sholáthróirí faoin gCéadaoin, an 14 Deireadh Fómhair.

An sholáthróir rathúil

Beidh ar an soláthróir rathúil an méid a leanas a chur ar fáil sula síneofar conradh seirbhíse:

  • Fianaise glanta cánach
  • Deimhniú maidir le coimhlint leasa

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.