Fógra Post – Cúntóir Riaracháin

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

Logo for Ealaín na Gaeltachta with blue cursive text and a large, textured orange brushstroke circle in the background. Ealaín na Gaeltachta appears above bold, black uppercase text below the logo.

Tar ag obair linn!

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg Cúntóir Riaracháin

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag tairiscint phost lánaimseartha ar chonradh bliana mar Chúntóir Riaracháin. Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar riaradh poiblí na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta agus cuirfidh le cláir agus le tionscnaimh forbartha ealaíon a chur ar fáil go héifeachtach.

Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile. Beidh roinnt áirithe taistil i gceist. De bharr nádúr na bpost, beidh gá ó am go chéile le hobair thráthnóna agus thar dheireadh seachtaine.

Is poist lánaimseartha é seo, 35 uair an chloig sa tseachtain. Beidh an té a cheapfar i dteideal a bheith rannpháirteach i scéim phinsin Ealaín na Gaeltachta.

Is é misean Ealaín na Gaeltachta (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta) forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht. Táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027.

Is fostóir comhdheiseanna é Ealaín na Gaeltachta agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanaimid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiúin, datha, eitneachta, inscne, gnéaschlaonta, aoise, stádais pósta ná stádais míchumais. Bíonn Ealaín na Gaeltachta ag feidhmiú de réir Chód Iompair ‘Sábháilte le Cruthú’. Is í an Ghaeilge ár dteanga oibre.

Tá na sonraí poist ar fáil ar ealain.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig earcaíocht@orlakingcoaching.ie.

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00i.n. ar an Mháirt, 13 Deireadh Fómhair 2026. Beidh orthu siúd a chuirfear ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh sa tseachtain dar tús an 19 Deireadh Fómhair. Beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar i mbun oibre i mí Samhain 2026.

Breis eolais ar fáil ag Teil.: (087) 9845057 R-phost: earcaíocht@orlakingcoaching.ie

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.