Sparánachtaí Bhaboró d’Ealaíontóirí Gaeltachta

A teal-coloured, hand-painted circle with rough, uneven edges evokes a traditional Japanese ensō symbol and hints at Ealaín na Gaeltachta influence. The design rests on a white background and the circle is not fully closed.
Author
Share

Sparánachtaí Bhaboró d’Ealaíontóirí Gaeltachta

I gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta

Tugtar deis leis seo do thriúr ealaíontóirí gairmiúla atá lonnaithe sa Ghaeltacht blaiseadh a fháil d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Pháistí i gcathair na Gaillimhe. Beidh Baboró ar siúl ón 9 go dtí an 18 Deireadh Fómhair 2026.

Gach ealaíontóir a roghnófar gheobhaidh siad sparánacht de luach €335 ina mbeidh:

 

  • 1 x ticéad do cheardlann le hEm Ó Ceallaigh dar teideal Nach féidir liom an ealaín a chumadh? a tharlóidh Dé hAoine, an 16 Deireadh Fómhair, 14:00 – 17:00
  • 1 x Pas Toscaire
  • 3 x thicéad do cibé 3 sheó de chuid na féile is rogha leis an ealaíontóir

móide

  • liúntas €260 i dtreo costas taistil, lóistín agus béilí a íoc

*Is é Baboró a chuirfidh gach ticéad agus Pas Toscaire in áirithe do na healaíontóirí

 

Ní mór do na hiarratasóirí

  • A bheith ar fáil chun freastal ar an gceardlann Nach féidir liom an ealaín a chumadh? le Em Ó Ceallaigh ar Dé hAoine, an 16 October, 14:00 – 17:00
  • A bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois
  • A bheith ina n-ealaíontóir/stiúrthóir/léiritheoir/nó ina gcóiréagrafaí gairmiúil
  • A bheith lonnaithe sa Ghaeltacht
  • A bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge

 

Próiseas Iarratais

Seol an méid seo a leanas chuig cuisle@udaras.ie, faoin gceannteideal ‘Baboró’ faoin 5pm, Dé Céadaoin, an 25 Meán Fómhair:

  • CV an Ealaíontóra (2 leathanach ar a mhéad)
  • Léiriú spéise agus san áireamh ann bíodh breac-chuntas ar an gcaoi a rachadh an sparánacht chun tairbhe d’fhorbairt do chleachtais (300 focal ar a mhéad)
  • Deimhniú go bhfreastalóidh tú ar an gceardlann Nach féidir liom an ealaín a chumadh? agus ar thrí sheó de chuid na féile má éiríonn le d’iarratas
  • Ráiteas a dheimhníonn go bhfuil cónaí ort sa Ghaeltacht
  • Ráiteas a dheimhníonn gurb é an t-iarratasóir féin a scríobh an t-iarratas i nGaeilge ina iomláine. Glacfar le hiarratais fuaime freisin arb iad na healaíontóirí iad féin a thaifead as Gaeilge iad.

Is é Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Pháistí (9 – 18 Deireadh Fómhair 2026) an fhéile ealaíon idirnáisiúnta do pháistí agus do theaghlaigh is mó le rá in Éirinn. Cuirimid 10 lá de shaothair ealaíne Éireannacha agus idirnáisiúnta do pháistí agus do theaghlaigh os comhair an phobail gach Deireadh Fómhair. Ar an gcaoi sin freastalaímid ar lucht féachana de bhreis agus 18,000 duine. Is i gcathair na Gaillimhe a bhíonn an fhéile agus lena linn bíonn ealaíontóirí Éireannacha (atá ag éirí níos líonmhaire in aghaidh na bliana) ar fáil a chruthaíonn saothair do pháistí agus do theaghlaigh. Ag an bhféile freisin cuireann compántais idirnáisiúnta a bhfuil taithí na mblianta acu imeachtaí ar siúl. Reáchtálaimid obair fhor-rochtana, tionscadail scoile agus deiseanna forbartha d’ealaíontóirí ó cheann ceann na bliana freisin. Tá sé mar mhisean againn páistí a spreagadh chun a dtaithí ar na healaíona a úsáid chun plé leis an saol. I gcroílár ghníomhaíochtaí na heagraíochta tá rochtain ar na healaíona do gach páiste, beag beann ar a stádas geografach, geilleagrach, fisiciúil, intleachtúil nó cultúir. An Deireadh Fómhair seo, beimid ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód. Tá breis eolais agus is féidir súil a chaitheamh ar chlár na féile ag ár suíomh gréasáin baboro.ie.

Tacaíonn Ealaín na Gaeltachta leis na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha a fhorbairt sa Ghaeltacht. Is comhpháirtíocht sinn idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon. Is í Cuisle clár óige Ealaín na Gaeltachta agus is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta a mhaoiníonn í. Le haghaidh breis eolais, féach ar ár suíomh gréasáin ag ealain.ie.

 

Fiosruithe: Bernie Ní Mhuircheartaigh – cuisle@udaras.ie

 

 

 

Tabhair bronntanas duit féin gach mí!

Bí páirteach i saol bríomhar na n-ealaíon agus an chultúir sa Ghaeltacht – faigh nuachtlitir mhíosúil ó Ealaín na Gaeltachta agus conneofar ar an eolas thú faoi imeachtaí agus faoin nuacht is déanaí, agus faoi na síolta cruthaitheacha Gaelacha.