Cónaitheacht Heinrich Böll d’ealaíontóir Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht
Spriocdháta : 30ú Deireadh Fómhair 2026
Tá Cumann Heinrich Böll ag lorg iarratais ó ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht (scríbhneoirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí) a scríobhann i nGaeilge, le haghaidh cónaitheacht coicíse i dTeachín Tuaithe Henrich Böll, in Acaill in 2027. Dátaí atá ar fáil: 14 Lúnasa – 28 Lúnasa 2027.
Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Chumann Theachín Tuaithe Henrich Böll, cuireann an chónaitheacht stipinn €600 agus lóistín ar fáil. Tá ealaíontóirí freagrach as costais bhia, ábhair agus taistil.
Is cúlú uathúil é seo, oiriúnach dóibh siúd ar mian leo fanacht ciúin agus spreagúil i bhfad amach ó ghnáth-ionraí an tsaoil laethúil. Is é an aidhm atá ann go mbeidh aíonna in ann díriú go hiomlán ar a gcuid oibre, agus ag an am céanna Oileán Acla a úsáid mar fhoinse inspioráide agus mar ábhar féideartha dá n-iarrachtaí.
Sa teach tá dhá sheomra leapa, cistin, seomra suí, dhá sheomra staidéir agus stiúideo ar fáil. Níl aon nasc teileafóin ná idirlín ann.
Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí, más mian leo, cuairt a thabhairt ar scoileanna nó clubanna áitiúla ar an oileán agus a saothar féin a chur chun cinn trí léamha poiblí
Spriocdháta : 30ú Deireadh Fómhair 2026
Tuille eolais anseo: https://heinrichboellcottage.com/?page_id=141
