
Beidh cúrsa oiliúna drámaíochta ar siúl i gCorca Dhuibhne leis an oiliúnaí agus aisteoir iomráiteach Diarmuid de Faoite i rith an fhómhair.
Tá an cúrsa seo dírithe ar oiliúint ardchaighdeáin a chur ar áisitheoirí drámaíochta ionas go mbeadh painéal daoine oilte ar fáil a fhreastalódh ach go háirithe, ar dhaoine óga i nGaeltachtaí na tíre.
I measc ábhar an chúrsa beidh leithéidí:
- Dea-chleachtas in obair an áisitheora: struchtúr, teorainneacha, meas agus rialacha
- Pleanáil agus struchtúrú ceardlanna
- Bainistiú grúpaí
- Cluichí agus gníomhaíochtaí spreagúla
Rithfear an cúrsa thar dhá dheireadh seachtaine, agus beidh ceithre lá oiliúna i gceist san iomlán. ‘Siad dátaí an chúrsa ná:
- 10 & 11 Deireadh Fómhair
- 14 & 15 Samhain
Ós rud é go mbeidh líon teoranta spásanna ar fáil, mholfaimis duit do spéis sa chúrsa a léiriú chomh luath agus is féidir.
Níl aon táille le híoc ar an gcúrsa agus beidh liúntas taistil agus cothaithe ar fáil do líon teoranta dóibh siúd a bheidh ag fanacht thar oíche. Más suim leat páirt a ghlacadh sa chúrsa, seol ríomhphost chuig cuisle@udaras.ie
Seo roinnt aiseolais ó rannpháirtithe a rinne an cúrsa seo cheana:
‘Bhí sé ar cheann de na gearrchúrsaí is fearr ar fhreastail mé orthu ariamh.’
‘D’uireasa an chúrsa, ní bheadh sé ar mo chumas ceardlanna drámaíochta a chur ar fáil sa phobal agus bheadh deis caillte ag glúin iomlán drámadóirí óga.’
‘Bhí an caighdeán thar a bheith ard ó thús deireadh.’
‘Bhí sé fíorthorthúil agus thug sé misneach dom mar áisitheoir agus mar aisteoir.’