Treisiú: Scéim Forbartha Chuisle

Treisiú: Scéim Forbartha Chuisle – Critéir

Uasmhéid: €10,000

Spriocdháta Leanúnach
(moltar go ndéantar teagmháil le comhordaitheoir Chuisle nó d’áisitheoir réigiúnach sula ndéantar iarratas)

Cuisle
Tá cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc an óige sa Ghaeltacht ar cheann de na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) i mí Meitheamh 2018.
Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an RCOG leis an bheart seo a chur i bhfeidhm atá mar thaca don Phróiseas Pleanála Teanga agus an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Mar pháirt den gclár Cuisle, déanfar gach iarracht forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar clár cuimsitheach don óige ina measc, ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na ceantair Gaeltachta uile. I gcomhthéacs an scéim seo, díreofar ar dheiseanna don óige (suas go 18 bliain d’aois) a chuir chun cinn lasmuigh den chomhthéacs scoile.

Aidhm na Scéime
Tabharfaidh an scéim seo tacaíocht aon uaire do thograí agus do ghníomhachtaí sna healaíona dúchasacha, teanga bhunaithe atá dírithe ar an óige.

Tá an chiste seo oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair sna ceantair Gaeltachta le deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar thionscnamh agus ar ghníomhachtaí don óige i réimse na healaíona dúchasacha (ceoil traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós agus na healaíona béil)

Ciste: €10,000 an t-uasmhéid maoiniú atá ar fáil do aon thogra amháin faoin scéim seo.
Samplaí de thionscnaimh a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin scéim:

1. Tograí ó ghrúpaí, eagrais, ealaíontóirí nó ó ghrúpaí ealaíontóirí: le saothar nua a chruthú i gcomhpháirt leis an óige ina mbeadh béim ar ghuth an óige agus an óige a chumasú mar ealaíontóirí óga tríd a bheith ag obair i gcomhpháirt le ealaíontóirí gairmiúla.
2. Tréimhse Cónaithe ina mbeadh ealaíontóir ag oibriú i gcomhar le grúpa nó grúpaí óige chun tionscnamh ealaíona a fhorbairt.
3. Coimisiún: Ealaíontóirí faoi choimisiún ag mar shampla grúpa pobail/eagras ealaíona/ ionad ealaíona/féile le saothar nua a chruthú ina mbeadh an óige mar sprioc lucht féachana nó mar chomhpháirtithe chruthaitheacha.
4. Taighde/réamhléiriú/meantóireacht ealaíona nó tréimhse idirchleachtais i dtreo seó, léiriúchán nó togra ealaíona a fhorbairt atá díríthe ar lucht féachana óg a fhorbairt.

Tograí/imeachtaí/iarrthóirí nach bhfuil incháilithe don scéim seo

• D’ eagrais atá ag fáil maoiniú cheanna féin ó Ealaín na Gaeltachta is gá cás láidir a léiriú gur togra sa bhreis ar an maoiniú atá á fhail acu cheanna féin an togra seo.

• Ranganna teagasc/ oideachais sna healaíona dúchasacha a chur ar fáil.

• Oiliúint cleachtais, freastal ar chúrsaí nó tograí a bheadh níos feiliúnaí do Scéim Neartú nó Scéim Nóta nó scéimeanna eile de chuid Ealaín na Gaeltachta.

Critéir le haghaidh maoiniú
Cuirfear tacaíocht ar fáil do phróiseas chruthaitheach samhailteach ar ard chaighdeán a bheidh á meas faoin gcritéir thíos:

• Cur chuige ina bhfuil guth an óige lárnach sa bpróiseas chruthaitheach.

• Páirtíocht ag ealaíontóirí gairmiúla sa togra agus iad ag fáil táillí cuí.
• Obair go dáta: taispeánfar go bhfuil saothar d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe ag an ealaíontóir/na healaíontóirí cheana agus taithí acu ag obair leis an óige.
• Cuirfear plean oibre san áireamh a thaispeánann aidhm, próiseas agus an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón togra agus an leas a bheadh ann don aos óg.
• Cur chuige soiléir maidir le rannpháirtíocht agus forbairt lucht féachana don dtogra
• Cur chuige soiléir maidir le meastóireacht, cuntas a choinneáil agus tuairisciú (le cruthú físe) a dhéanamh ar an dtogra ó thús go deireadh.
• Struchtúir/cumas láidir léirithe ag an gcoiste/eagrais/grúpa/duine maraon le taithí ar bhainistiú agus cur i gcrích tograí léirithe ag iarrthóirí agus a bhfuil taithí acu i réimse an óige.
• Go bhfuil foinsí eile maoinithe aimsithe don togra. Is féidir maoiniú, urraíocht & tacaíocht chomhchineáil (m.s. ionad) a chur san áireamh anseo.
• An Ghaeilge: Cuirfear an togra i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge.

• Na hEalaíona Dúchasacha, Teanga Bhunaithe: Cuirfear béim ar an cheoil traidisiúnta, na healaíona béil, damhsa agus amhráin ar an sean nóis a chuir chun cinn i measc an óige.

Coinníollacha má éiríonn le d’iarratas:

1. Is don iarrthóir, a cheadófar an cúnamh airgeadais. Mar sin, cinntigh go bhfuil ainm an iarrthóra mar an gcéanna leis an ainm atá ar fhoirm na sonraí bainc, teastas glantach canach (mas ann dó);

2. Tá sé mar choinníoll docht go dtabharfar aitheantas poiblí d’Ealaín na Gaeltachta, d’Údarás na Gaeltachta agus don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcás go n-éiríonn led’ iarratas. Tá lógónna ar fáil ar an suíomh www.ealain.ie agus ní mór iad a bheith ar léargas in aon fhoilseacháin nó ábhar poiblíochta.

3. Má cheadófar an cúnamh airgeadais don iarratais seo, beidh gá le foirm tuairisce Ealaín na Gaeltachta a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig an Comhordaitheoir sna hEalaíona Dúchasacha, mar aon le 6 grianghraif (ar a laghad), i bhfoirm digiteach d’úsáid ilghnéitheach Ealaín na Gaeltachta.

4. Tá sé riachtanach do gach eagraíocht a mbíonn baint aici le leanaí agus le daoine óga Beartas Um Chosaint Leanaí lena bhfuil Ráitis um Chosaint Leanaí, Measúnú Riosca agus na nósanna imeachta cuí á chur i bhfeidhm a chloínn leis na treoirlínte mar atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015. Chun cúnamh agus treoir reatha a fháil chun do bheartas agus do nósanna imeachta a fhorbairt, breathnaigh ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach: www.tusla.ie. Beidh ar iarratasóirí a n-éiríonn lena n-iarratas fianaise a chur ar fáil go bhfuil siad ag cloí leis na treoirlínte agus cóip dá Ráitis um Chosaint Leanaí agus Polasaí Cosaint Leanaí a sheoladh ar aghaidh in éineacht leis an iarratas.

5. De bharr an éiginnteacht a bhaineanna le géarchéim an Choróinvíreas, is gá teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir Chuisle má thagann aon athrú ar an gclár mar a bhí ceadaithe, ag braith ar choinníollacha sláinte agus sábháilteachta amach anseo.

Tosaíochtaí Reatha na Scéime:

• Tugtar tús áite do thograí a léiríonn go bhfuil bearna á chomhlíonadh acu nó go bhfuil réimse gníomh nua a fhiosrú nó á fhorbairt i gcomhthéacs na healaíona dúchasacha, teanga bhunaithe don óige, m.sh, an ceantar, réimse ealaíona, aoisghrúpa atáthar ag díriú air.
• Tugtar tús áite d’iarratais ina bhfeictear go bhfuil comhoibriú agus/nó comhpháirtíocht i dtaobh roinnt acmhainní / saineolas agus deá chleachtais le heagraíochtaí/ coistí/ grúpaí ealaíontóirí áitiúla, réigiúnach agus náisiúnta.

Féach ar an Fhoirm Iarratais treisi-scim-forbartha-chuisle-2020-crtir-agus-foirm-iarratais