Togra Pobail Ealaíon @Áislann Ghaoth Dobhair

Saothar Ealaíne Buan le Rannpháirtíocht Ghníomhach

Buiséad: €50,000

 

Stáid 1: Spriocdháta d’Iarratais Doiciméad Faisnéise:

5ú Aibreán 2019, 4i.n.

**Gach eolais agus cur síos le fáil anseo**

 

Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí á spéis a chur in iúl chun a bheith meáite don tionscnamh seo sa chéad staid den choimisiún seo.

 

Iarrtar ar chleachtóirí a bhfuil spéis acu ann na rudaí seo a leanas a chur chuig na Coimisinéirí:

  • Foirm Iarratais; Curriculum Vitae; Ráiteas gairid ón Ealaíontóir – maraon le réamhlíníocht(aí) amháin – ag léiriú conas a mbeadh rún aige/aici dul i gceann an choimisiún seo; pictiúirí/sonraí de shaothair/tionscadail ábhartha a rinneadh le gairid; AGUS roghnacha samplacha de Choimisiúin d’Ealaín Phoiblí (más ábhartha) a críochnaíodh ar na mallaibh. Níl gá le dearadh nó tionscadail mionsonraithe ag Staid 1.

 

Cuairt ar an Láthair:

Tá Cuairt Suímh eagraithe d’ealaíontóirí a bhfuil spéis acu ann ag an 11 r.n, Déardaoin, 7 Márta 2019, nuair is féidir leo foireann na hÁislainne agus á chomharsanacht a fheiceáil, faisnéisiú a fháil ar aidhmeanna agus spriocanna an Choimisinéara don tionscadal a fháil agus freagra a fháil ar cheisteanna ar bith eile a bheadh acu i ndáil leis an Choimisiún.

Ba chóir Iarratais Comhlánaithe do Staid 1 a chur sa phost chuig an seoladh thíosluaite roimh an 4i.n., 5ú Aibreán 2019.

 

Togra Pobal Ealaíon @ Áislann GD, F/ch: Danielle Nic Pháidín, Údarás na Gaeltachta,  Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn,  Co. Dhún na nGall.

 Glac nóta doibh seo a leanas, le do thoil:

  • Ní ghlacfar le hiarratais ar faics nó le ríomhphost.
  • Ba chóir iomlán ábhar a chuirtear isteach a bheith scríofa go soiléir le hainm an iarrastóra agus sonraí teagmhála.
  • Ní ghlacfar le hiarratais atá déanach.

 

Is é 4i.n., ar an 5ú Aibreán 2019 an spriocdháta do fháil an fhoirm iarratais comhlánaithe do Staid 1 maraon le doiciméadú tacaíochta agus ábhar ar bith eile.

 

**Gach eolais agus cur síos le fáil anseo**