Tionscnamh chruthaitheach a fhorbairt d’ealaíontóirí óga Gaeltachta

Cuireadh chun Tairisceana

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg iarratais ó ealaíontóirí, grúpaí nó eagraíochtaí chun tionscnamh chruthaitheach sna healaíona dúchasacha a fhorbairt d’ealaíontóirí óga Gaeltachta atá idir 12-17 bliain d’aois le linn an samhraidh 2020.

Réamhrá:

Cuireann muid, i gcomhpháirtíocht lenár ngeallsealbhóirí, clár ealaíon traidisiúnta ar ard chaighdeán ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga trí Ghaeilge ar fud na Gaeltachta. Mar chuid de na gníomhaíochtaí atá bearta faoin gclár ‘Cuisle’, ba mhaith le hEalaín na Gaeltachta díriú ar dheiseanna a fhorbairt do dhaoine óga idir 12-17 bliain d’aois chun a gcumas agus scileanna i léiriú agus cur i láthair na healaíona dúchasacha a fhorbairt.

Cur Síos:

I gcomhthéasc na géarchéime Covid-19, ba mhian le hEalaín na Gaeltachta “campa cónaitheach ar líne” nó sraith gníomhaíochtaí agus imeachtaí a reáchtáil ar líne do dhaoine óga idir 12-17 bliain d’aois. Beidh deis ag daoine óga dul i ngleic leis an teicneolaíocht chun múnlaí cruthaitheacha a fhiosrú agus a fhorbairt a chuirfidh lena gcumas mar ealaíontóirí. Cuirfear béim ar an gcomhoibriú i measc na rannpháirtithe agus ar chur chuige a chuimsíonn taifead, léiriú agus craoladh na healaíona traidisiúnta. Ina measc na féidearthachtaí freisin, cuirfear fáilte roimh múnlaí a dhíríonn ar thoradh na hoibre a cheiliúradh agus an tionscnamh ealaíona a chuir i gcrích trí foilsiú nó craoladh ar an meáin.

Plean Oibre:

Cuireann Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh thairiscintí a chuimsíonn na gnéithe seo a leanas:

  • Eolas faoin ngrúpa
  • Aidhmeanna don óige
  • Coincheap, leagan amach agus toradh a bhfuiltear ag súil le óna gníomhaíochtaí beartaithe
  • Cur chuige, plean oibre agus amchlár molta
  • Buiséad
  • Líon na ndaoine óga agus líon na n-ealaíontóirí rannpháirteach
  • Beathaisnéis na n-ealaíontóirí agus taithí an ghrúpa sna healaíona dúchasacha, leis an óige agus leis an teicneolaíocht.
  • Cur síos ar na huirlisí a úsáidfear; mar shampla na haipeanna agus an teicneolaíocht atá sé i gceist a úsáid.
  • Córas Measúnaithe agus Meastóireachta

Breis Eolais:

Is féidir le breis eolais a lorg ón chomhordaitheoir: Elaine Scahill ar 087-3840890 nó ar e.scahill@udaras.ie .

Is é an Meitheamh 2020 an spriocdháta le haghaidh iarratais agus beifear ag súil le tús a chuir leis an tionscnamh ag tús mí Meitheamh.