Tá foireann Ealaín na Gaeltachta go fóill i mbun oibre agus ar fáil trí ríomhphost nó ar an fón. Tá Ealaín na Gaeltachta ar fáil chun réimse tacaíochtaí agus comhairle a chur ar fáil chun an tionchar a bheidh ag an Chorónvíreas /Covid-19 a mhaolú chomh maith agus is féidir.
An chomhairle is mó atá á chur ar fáil ná monatóireacht leanúnach agus ghéarchúiseach a dhéanamh ar an treoir atá á eisiúint ag na hÚdaráis Sláinte Poiblí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chomh maith le Ranna Rialtais ábhartha. Is féidir an chomhairle is suas chun dáta maidir le Covid-19 a fháil ag na nascanna seo leanas:
• World Health Organization (WHO)
• European Centre for Disease Prevention and Control (ECDC)
• Lárionad Faire um Chosaint Sláinte(HPSC)
• Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE)
• An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta
• An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
• An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
• Na Coimisinéirí Ioncaim
Tá nasc chuig an Leabhrán Eolais don Phobal le seo.
Má tá ceist agat ná bíodh drogall teagmháil a dhéanamh linn. Tá eolas teagmhála dhíreach ar fáil anseo.