Scéimeanna Maoinithe le tacú le Clár Ealaíon don Óige fógartha ag Ealaín na Gaeltachta

I Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027, tá Daoine Óga aitheanta mar thosaíocht, agus tá Ealaín na Gaeltachta ag obair i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun deiseanna sna healaíona don óige a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Is í an fhís atá ag Ealaín na Gaeltachta do chlár Cuisle – clár óige Ealaín na Gaeltachta – ná rannpháirtíocht na hóige sna healaíona a mhéadú sa Ghaeltacht, lena chinntiú go ndéanfar an cultúr a shaibhriú agus a fhorbairt, agus é á thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.

Tá Cuisle ag feidhmiú go straitéiseach chun clár sna healaíona dúchasacha agus sa drámaíocht don óige a fhorbairt sa Ghaeltacht, trí réimse scéimeanna maoinithe, tacaíochtaí agus gníomhartha forbartha a chur ar fáil.

Chuige sin, tá Ealaín na Gaeltachta ag fógairt scéimeanna maoinithe 2024 do thionscadail sna healaíona dúchasacha agus sa drámaíocht don óige fud fad na Gaeltachta. Is deis é seo d’eagraíochtaí, do ghrúpaí áitiúla, agus d’ealaíontóirí clár do dhaoine óga a fhorbairt sna réimsí seo i ngach ceantar Gaeltachta.Tá 3 scéim mhaoinithe fógartha ag clár CUISLE, Ealaín na Gaeltachta:

Laoise Nic Éinrí, dalta ar chlár CUISLE, grianghraf le Andrew Downes

Scéim Neartú (Maoiniú: suas le €15,000)
Glacfar le hiarratais tríd an scéim seo ó eagraíochtaí, ó ghrúpaí nó ó choistí pobail sa Ghaeltacht, a bhfuil sé d’acmhainn acu clár leanúnach oiliúna agus/nó imeachtaí don óige sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht a reáchtáil ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge.

Scéim Treisiú: (Maoiniú: suas le €15,000)
Tríd an scéim seo, tabharfar tacaíocht aon uaire do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí ar ardchaighdeán sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht atá dírithe ar an óige, lasmuigh de chomhthéacs clár oiliúna.

Scéim Síol (Maoiniú: suas le €1,000)
Tá an scéim seo oscailte do ghrúpaí agus do dhaoine aonair lasmuigh de chomhthéacs oideachais foirmeálta sna ceantair Ghaeltachta le deis a thabhairt dóibh cothú agus forbairt a dhéanamh ar na healaíona.

 

Tá spriocdháta leanúnach leagtha amach do gach ceann de na scéimeanna maoinithe seo, chun an deis is fearr a thabhairt do ghrúpaí agus d’ealaíontóirí, comhoibriú le hEalaín na Gaeltachta, agus pleananna stuama a réiteach ag am a oireann dóibh.

Sa bhreis ar na scéimeanna maoinithe seo, beidh Ealaín na Gaeltachta ag leanúint leis an tacaíocht d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí chun a chinntiú go mbeidh na scileanna cuí acu le cúrsaí drámaíochta a fhorbairt.

Chun eolas breise a fháil faoi na scéimeanna maoinithe don óige, cuir r-phost chuig cuisle@udaras.ie agus chun tuilleadh eolais a fháil faoi scéimeanna eile maoinithe Ealaín na Gaeltachta, déan teagmháil le ealain@udaras.ie. Tá sonraí faoi Ealaín na Gaeltachta agus faoi na scéimeanna go léir le fáil ar www.ealain.ie.