Scéim na bhFéilte, Scéim Cothú agus Scéim Síol ar fhoscailt anois.

Iarratais á lorg do na scéimeanna seo leanas:

Scéim Cothú 2021
Scéim d’eagraíochtaí ealaíona, ionad bhunaithe atá ag soláthar clár leanúnach ealaíona sa Ghaeltacht.
Spriocdháta: Dé Luain. 8 Márta 2021

Scéim na bhFéilte Ealaíona 2021
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt/a sholáthar sa Ghaeltacht.
Spriocdháta: Dé Luain. 8 Márta 2021

Scéim Síol
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo mionthionscadail nó tosaíochta ealaíon a fhorbairt. (m.sh, forbairt gairme agus oiliúint faoi leith, tacaíocht le seoladh dlúthdhiosca, réiteach taispeántais, trealamh, cothú imeachtaí beaga, féilte beaga ealaíona, srl).
Spriocdháta leanúnach

Tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo go léir, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon réigiúnacha. Sonraí teagmhálacha le fáil ar www.ealain.ie / ealain@udaras.ie