Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht 2024

Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht 2024
Spriocdháta: Dé hAoine, 15 Márta 2024

Scéim na bhFéilte oscailte d’fhéilte ealaíon Gaeltachta atá á reáchtáil agus á gcur ar siúl trí mheán na Gaeilge.

Critéir le haghaidh maoinithe

 

Beidh na nithe seo a leanas curtha san áireamh agus an t-iarratas á mheas:

  • Fís shoiléir ealaíne ina mbeifear ag súil le clár cruthaitheach samhlaíoch imeachtaí d’ardchaighdeán.
  • Rannpháirtíocht ealaíontóirí gairmiúla san fhéile, agus táillí cuí á n-íoc leo.
  • Úsáid na Gaeilge i gcur chuige agus i gcur i láthair na féile.
  • Plean/Sprioc shoiléir ó thaobh lucht féachana/rannpháirtíochta a mhealladh, a fhás agus a leathnú amach. An gaol leis an lucht féachana/rannpháirtíochta a láidriú, le béim faoi leith ar an bpobal áitiúil i gcoitinne.
  • Go bhfuil foinsí maoinithe nó tacaíochta eile aimsithe ag an ngrúpa. Is féidir maoiniú, urraíocht, úsáid ionaid, am deonach agus sochar comhchineáil a chur san áireamh anseo.
  • Cumas bainistíochta agus riaracháin ina gcuirfear taithí an duine/an ghrúpa, struchtúr, agus réimse saineolais agus speisialtóra san áireamh.
  • Plean i dtaca le meastóireacht, forbairt agus feabhsú leanúnach na féile agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhféile nuair a bheidh sí críochnaithe.

*Ní ghlacfar le hiarratais don scéim seo ó eagrais atá ag fáil maoiniú tríd an Scéim Cothú*

Ciste

 

Tá uasmhéid tacaíochta €15,000 ar fáil. Déanfar iarratais ar an scéim a mheas bunaithe ar na critéir thuasluaite. Tá an scéim seo iomaíoch agus níl ach buiséad teoranta ann.

 

An Óige

Tá an óige mar thosaíocht i straitéis reatha Ealaín na Gaeltachta, agus tá ciste sonrach againn le díriú ar fhorbairt na n-ealaíon dúchasach agus na drámaíochta don óige. I gcás go bhfuil gníomhaíochtaí don óige beartaithe mar chuid den fhéile, déan cinnte iad a lua go sonrach sa chlár agus sa bhuiséad thíos.

 

Coinníollacha Deontais

Caithfear aon mhaoiniú a cheadófar a éileamh taobh istigh de thréimhse 18 mí. Mura n-éileofar an maoiniú taobh istigh den tréimhse seo, cuirfear ar ceal é.

Tá sé riachtanach do gach eagraíocht a mbíonn baint aici le leanaí agus le daoine óga Beartas Um Chosaint Leanaí lena bhfuil Ráiteas um Chosaint Leanaí, Measúnú Riosca agus na nósanna imeachta cuí á gcur i bhfeidhm, a chloínn leis na treoirlínte mar atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015.

 

Próiseas Iarratais

Moltar duit dul i dteagmháil leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún sula seolfar an t-iarratas chugainn. Tá sé riachtanach go mbeadh an fhoirm sínithe ag Cathaoirleach an Choiste/Stiúrthóir an Eagrais agus curtha chugainn ar ríomhphost. Tá sé riachtanach na doiciméid tacaíochta ábhartha a bheith iniata leis an bhfoirm.

Foirm Iarratais le híoslódáil anseo: https://ealain.ie/tacaiocht-ata-ar-fail/