Oifigeach Forbartha Ealaíona don Óige

Oifigeach Forbartha Ealaíona don Óige

(Post ar chonradh 2 bhliain)

Tá Oifigeach Forbartha sna hEalaíon don Óige á lorg ag Ealaín na Gaeltachta Teo ar chonradh 2 bhliain. Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag comhoibriú leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,  Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon le forbairt chéimiúil a dhéanamh ar sholáthar chlár cuimsitheach sna healaíon don óige ar fud na Gaeltachta.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

  • Saineolas i gcúrsaí forbartha agus oiliúna i réimse na n-ealaíon don óige
  • Taithí a bheith ag obair le daoine óga agus tuiscint ar a gcuid riachtanas
  • Eolas ar pholasaithe agus ar dea-chleachtais obair óige
  • Eolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
  • Líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • Ardchumas eagrúcháin, riaracháin agus i mbainistiú tograí.
  • Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád.
  • Sárscileanna cumarsáide agus ríomhaireachta

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ard- Oifig Údarás na Gaeltachta i nGaillimh ach dá bharr go bhfuil cúram Gaeltachta ina iomláine i gceist beidh spás oibre sealadach curtha ar fáil don té a cheapfar in oifigí réigiúnach an Údaráis chomh maith.
Beidh an conradh ar feadh tréimhse dhá bhliain agus íocfar scála tuarastail ag brath ar cháilíochtaí agus taithí. Beidh taistil i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:
Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n ar an Aoine 10 Márta 2023

Tá breis eolais agus sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh.
Teil: (074) 95 60100 nó R-phost: m.fearraigh@udaras.ie

Is fostóir comhionannas deiseanna é Ealaíon na Gaeltachta.  Is í an Ghaeilge teanga oibre Ealaín na Gaeltachta.  Tacaíonn Ealaín na Gaeltachta le daoine faoi mhíchumas a fhostú.