Glao Oscailte do Choimisiún

Is é Ceangal | Dolen II an dara tionól ag ealaíontóirí de chuid na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban agus na Breatnaise. Beidh tionól na bliana seo ar siúl ar líne go hiomlán 10-13 Samhain agus tá sonraí breise le fógairt go luath faoin modh clárúcháin.

Is iad seo a leanas ceithre phríomhchuspóir an tionóil:

• Teacht ar mhodhanna nuálacha chun obair úr a dhéanamh sna trí theanga mhionlaithe sin.
• Samhlacha den dea-chleachtas a chíoradh agus a chomhroinnt.
• Teacht ar chomhaontú i dtaobh treoirphrionsabail chomhchoiteanna i gcomhair earnáil na hamharclannaíochta trí Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Breatnais – treoirphrionsabail a chothaíonn meas, éagsúlacht agus comhionannas teanga.
• Lucht amharclannaíochta a choimisiúnú chun saothair nua a chur i láthair ina dteangacha dúchais – Breatnais, Gaeilge (na hÉireann) agus Gaeilge na hAlban.

An Glao:

Mar chuid de thionól na bliana seo, coimisiúnóidh Ceangal | Dolen II sé phíosa nua oibre a chuirfear i láthair go digiteach i rith sheachtain an tionóil agus ar líne amach anseo. Beirt iarratasóirí ó gach tír chomhpháirtíochta a bheidh sa roghnú deiridh. Is éard is aidhm don choimisiúnú seo seo deiseanna cruthaitheacha ar bhonn íoctha a chur ar fáil d’ealaíontóirí atá ag obair i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus sa Bhreatnais sa ré dhúshlánach seo agus tacú le forbairt saothair nua sna trí theanga mhionlaithe sin.

Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo, gheobhaidh siad táille choimisiúin €1,500.00 (Éire) | £1,370.00 (Albain/an Bhreatain Bheag/Tuaisceart Éireann) chun píosa oibre a fhorbairt agus a chur i láthair go digiteach ag Ceangal Dolen II i mí na Samhna ar an téama “Ceangal”. Táille uilechuimsitheach is ea é seo agus cuimsítear faoin táille sin forbairt, cruthú agus doiciméadú an phíosa oibre, lena n-áirítear oibrithe comhair, teicneoirí agus aon saorealaíontoirí eile a mbeidh baint acu le cruthú an tsaothair. Tá iarratais á lorg againn anois ó ealaíontóirí sna trí thír chomhpháirtíochta roimh an spriocdháta: 10am, Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2020

Critéir:

• Saothar nua amharclannaíochta atá le bunú ar an téama “Ceangal”; ní mór gurbh fhéidir an saothar a chraoladh ar líne le linn thionól Ceangal | Dolen II.
• Déanfar réamhthaifeadadh ar an bpíosa agus ba chóir é a scríobh agus/nó a chur i láthair sa Bhreatnais, i nGaeilge na hAlban nó i nGaeilge (na hÉireann).
• Ba cheart gur fad ama idir 5 nóiméad agus 10 nóiméad a bheadh sa saothar deiridh, agus é scannánaithe ar chaighdeán gairmiúil (1920×1080/25fps) agus é a chur i láthair i bhformáid MP4 nó.Mov. Is féidir treoir maidir le dea-chleachtais scannánaíochta a fháil ach é sin a iarraidh.
• Moltar do na hiarratasóirí nuálaíocht, uaillmhian agus úrnuacht a léiriú.
• Ní mór do na hiarratasóirí samplaí de shaothair dá gcuid roimhe seo a sholáthar i dteangacha an ghlao coimisiúnúaithe.

Conas iarratas a dhéanamh:

Seol ríomhphost chuig ceangaldolen2020@gmail.com agus bíodh “Ceangal | Dolen 2020 Commission” sa líne ábhair.
Bíodh an t-eolas seo a leanas i ndoiciméad PDF:

• Cé thú féin agus comhthéacs don chineál oibre a dhéanann tú.(200 focal ar a mhéad)
• Ainm an tionscadail atá beartaithe agat.
• Sonraí an smaoinimh atá ar intinn agat agus an chaoi a gcruthóidh tú é má éiríonn le d’iarratas. (300 focal ar a mhéad)
• Tabhair ainmneacha na n-ealaíontóirí/saorealaíontóirí a mbeidh tú ag obair i gcomhar leo sa tionscadal atá beartaithe.

Na healaíontóirí a n-éireoidh lena n-iarratas, ainmneofar duine faoi leith ar fhoireann comhdhála Ceangal Dolen a fheidhmeoidh mar theagmhálaí dóibh le linn an phróisis ealaíne.

Tá cistiú agus tacaíocht don choimisiúnú seo á dtabhairt ag Éire Ildánach, Ealaín na Gaeltachta, TG4, Comhairle Contae Dhún na nGall, Amharclann Gu Leòr, Theatr Genedlaethol Cymru, An Taibhdhearc agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.