Folúntas – Riarthóir Ealaíona Áras Éanna

Tá post lán-aimseartha (Buan de réir an Mhaoiniú a bheith ar fáil) mar Riarthóir á thairiscint ag Áras Éanna Teo. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. Is 9.00 r.n. go 5.00 i.n. na huaireanta oibre, cé go mbeidh uaireanta neamh-shóisialta i gceist ó h-am go h-am de réir nadúr oibre Ionad Ealaíona.

Léireoidh an Riarthóir Ealaíona cumas chun an post a chur i bhfeidhm ó lá go lá agus cumas maith eagrúchána. Beidh tuiscint ar shaol na n-ealaíona, agus ar shaol na n-oileán riachtanach.

Sonraíocht Phearsanta agus Cáilíochtaí

Ard-scileanna ríomhaireachta (Microsoft Office, Word, excel, publisher, Powerpoint)

Gaeilge labhartha agus scríofa d’ard chaighdeán

Taithí agus cáilíocht i gcúrsaí riarachána agus bainistíochta oifige

Scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide agus eolas ar chúrsaí ealaíona.

2 bliain taithí riarachána ar oibriú in eagraíochtaí pobail ar bhonn gairmiúil agus/nó deonach.

Taithí ar riarachán tionscadail agus airgeadais, ar chaiteachas a thaifeadadh agus a thuairisciú, ar cheannacháin srl. agus ar thaifid/cuntais a choinneáil, srl.

Cumas oibriú as a stuaim féin agus freisin oibriú go dlúth le príomh ghníomhaireachtaí agus daoine aonair a bhaineann leis an ealaíon laistigh den Chontae, den tír agus go h-Idirnáisiúnta.

Uaireanta solúbtha oibre nuair is gá.

Chun foirm Iarratas a fháil agus tuairisc ar an bPost seol ríomhphost ag eolas@aras-eanna.ie

Próiseas Iarratais:

Ní mór iarratais a dhéanamh tríd an bhFoirm Iarratais amháin.

Seol ar ais le do thoil cóip den fhoirm iarratais chomhlánaithe lena n-áirítear litir chlúdaigh chuig Áras Éanna ag eolas@aras-eanna.ie

An dáta deiridh chun iarratais a sheoladh 25ú Samhain ag a 5in.

Is fostóir comhionannais é Áras Éanna Teo