Cuireadh chun Tairisceana – Taighde agus Iniúchadh do chlár phíolótach drámaíocht don óige sa Ghaeltacht.

Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg iarratais ó ghrúpaí, eagraíochtaí, gnólachtaí nó daoine aonaracha chun taighde agus iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le clár drámaíochta don óige a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Réamhrá:
Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon chun tacú le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus, mar chuid de sin, próifíl na n-ealaíon sa Ghaeltacht a ardú. Cuireann Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh dheontas suas go €150,000 ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun clár píolótach drámaíochta a fhorbairt don óige sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist, mar chuid d’obair forbartha an chláir, taighde agus iniúchadh a dhéanamh ar staid reatha na drámaíochta don óige sa Ghaeltacht agus na féidearthachtaí a bhaineann le clár drámaíochta don óige a mheas.

Cur Síos agus Cuspóirí an Taighde:
Tabharfaidh an taighde forléargas ar staid reatha na drámaíochta don óige sa Ghaeltacht. Beidh moltaí agus treoir ag teastáil maidir le múnla agus cur chuige do chlár phíolótach chun go mbeadh sé ar chumas Ealaín na Gaeltachta clár agus imeachtaí a reáchtáil a bheidh ag teacht le dea chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh monatóireacht agus meastóireacht á dhéanamh ar na himeachtaí a bheidh á reáchtáil sa chlár phíolótach.
Déanfar an taighde agus iniúchadh a roinnt i dhá chéim ina mbeidh tuairisc eatramhach agus tuairisc deireadh á sholáthar a chuimsíonn:
i. An tréimhse ina dhírítear ar léirmheas agus anailís a dhéanamh ar an staid reatha agus féidearthachtaí an chláir.
ii. An tréimhse ina dhírítear ar monatóireacht agus meastóireacht ar chur i bhfeidhm an chláir phíolótach agus na torthaí a bhaineann leis.

Beifear ag súil na nithe seo a leanas a chur san áireamh sna tuairiscí:
– Comhthéacs reatha na seirbhísí: mapáil agus bunachar sonraí ina bhfuil na gealsealbhóirí agus seirbhísí drámaíochta don óige sa Ghaeltacht aitheanta ag leibhéal luath bhlianta, bunscoileanna, déagóirí agus amharclainne óige.
– Treoir tugtha maidir le deá chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta agus deiseanna comhpháirtíochta aitheanta.
– Na dúshláin agus na deiseanna san earnáil a aithint, chomh maith le riachtanais na gealsealbhóirí a mheas (an óige, ealaíontóirí, cleachtais pobail, eagraíochtaí).
– Táillí, costaisí agus cur chuige córasach a mholadh do chlár phíolótach le súil clár forbartha cuimsitheach a fhorbairt.
– Múnlaí agus cur chuige samhlaíoch a mholadh chun clár straitéiseach agus ceannróideach don óige a fhorbairt.
– Meastóireacht agus monatóireacht a dhéanamh ar an gclár píolótach a chuirfear i bhfeidhm ag cinntiú go mbeidh réimse leathan modheolaíocht in úsáid chun na cleachtas a mheas (mar shampla, modheolaíocht cainníochtúil agus cáilíochtúil)
– Múnlaí cruthaitheacha a fhorbairt chun aiseolas a bhailiú le luachanna na rannpháirtíochta agus guth an óige a bheith fite fuaite sa bpróiseas.
– Moltaí agus treoir an phobal cleachtais a chur san áireamh chomh maith le deiseanna oiliúna a aithint.

Taithí
Bheifí ag súil go mbeadh an taithí seo a leanas ag an té a bheadh i mbun an taighde:
– Taithí le réimse leathan modheolaíochta, go háirithe taighde gníomhach.
– Tuiscint ar rannpháirtíocht agus guth an óige.
– Saineolas ar mhúnlaí éagsúla drámaíochta don óige agus réimse na hamharclannaíochta óige.

Iarratas/ Plean Oibre
Seol iarratas chuig ealain@udaras.ie roimh an 10ú Eanáir 2022 agus na sonraí seo san áireamh:
– Taithí an iarratasóra (go háirithe i gcomhthéacs na pointí thuasluaite).
– Cur síos ar an mhodheolaíocht don dá tréimhse thuasluaite.
– Leagan amach clár oibre le amscála agus costas san áireamh:
o Sonraigh le do thoil go bhfuil buiséad do €15,000 (CBL san áireamh) ar fáil don obair seo agus go bhfuiltear ag súil le tuairisc eatramhach ag deireadh an chéad cheathrú don bhliain 2022 agus ag súil imeachtaí an chláir a reáchtáil ón dara cheathrú ar aghaidh.
Le breis eolais nó le haon cheisteanna maidir leis an gcuireadh seo a phlé, déan teagmháil le Micheál Ó Fearraigh ag m.fearraigh@udaras.ie nó 074-9560100.