Tá Ealaín na Gaeltachta ag tairiscint dhá phost lánaimseartha mar Chuntóirí Riaracháin.

Tar ag obair linn!

Tá Ealaín na Gaeltachta ag tairiscint dhá phost lánaimseartha mar Chuntóirí Riaracháin.

Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona don Óige)

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar fhorbairt na n-ealaíon don óige i gcomhthéacs Gaeltachta. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona don Óige) le pleanáil, le riar agus le cur i bhfeidhm chlár Cuisle – an clár forbartha ealaíon don óige atá ag Ealaín na Gaeltachta.

Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe.

Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona)

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí ar riaradh poiblí na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Cuideoidh an Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona) le dualgais riaracháin agus comhordaithe i ngach foireann agus clár réigiúnach de chuid na heagraíochta agus cuirfidh le cláir agus le tionscnaimh forbartha ealaíon a chur ar fáil go héifeachtach.
Beidh an ról seo lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta i gceann de na réigiúin Ghaeltachta.

Is poist lánaimseartha iad seo, 35 uair an chloig sa tseachtain. Beidh an bheirt a cheapfar i dteideal a bheith rannpháirteach i scéim phinsin Ealaín na Gaeltachta. Beidh an bheirt a cheapfar lonnaithe in oifig de chuid Údarás na Gaeltachta mar atá luaite thuas, agus beidh rogha ann roinnt den obair a dhéanamh ón mbaile. Beidh roinnt áirithe taistil i gceist. De bharr nádúr na bpost, beidh gá ó am go chéile le hobair thráthnóna agus thar dheireadh seachtaine.

Is é misean Ealaín na Gaeltachta (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta) forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht. Táimid ag feidhmiú faoi láthair de réir Straitéis Ealaín na Gaeltachta 2023-2027.

Is fostóir comhdheiseanna é Ealaín na Gaeltachta agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanaimid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiúin, datha, eitneachta, inscne, gnéaschlaonta, aoise, stádais pósta ná stádais míchumais. Bíonn Ealaín na Gaeltachta ag feidhmiú de réir Chód Iompair ‘Sábháilte le Cruthú’. Is í an Ghaeilge ár dteanga oibre.

Caithfear iarratas a dhéanamh roimh 4.00i.n. ar an Déardaoin, 28 Lúnasa 2025. Beidh orthu siúd a chuirfear ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh sa tseachtain dar tús an 8 Meán Fómhair. Beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar i mbun oibre i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Sonraí Point:

Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona don Óige)

Cúntóir Riaracháin (Na hEalaíona)

Breis eolais ón Riarthóir, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Teil.: (074) 95 60100 R-phost: ma.nifhearraigh@udaras.ie