Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth

Cúlra

Ó bhunaigh Pádraig agus Noel Ó Dúgáin, Pól, Ciarán agus Máire Uí Bhraonáin an banna ceoil Clannad i 1970 tá clú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain agus go leor aitheantais bainte amach acu, dámhachtain Grammy, BAFTA, agus Ivor Novello ina measc.

Thug siad an ceol, na hamhráin agus an Ghaeilge chuig ardáin dhomhanda agus is iomaí duine ar fud an domhain a spreagadh agus a d’fhoghlaim Gaeilge de bharr thiomantas an ghrúpa don teanga agus don chultúr trí chéile.

 

Anois agus Clannad i mbun a gcamchuairte deiridh mar ghrúpa, tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt aitheantais agus buíochais don ghrúpa thar ceann mhuintir na Gaeltachta, as an bhéim a chuir siad ar an teanga, ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta thar na blianta.

Mar chomhartha ómóis don ghrúpa Clannad agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge ó bunaíodh iad breis ar 50 bliain ó shin, tá Údarás na Gaeltachta ag bronnadh sparánacht ar fiú €30,000 − €10,000 sa bhliain thar 3 bliana − le cuidiú le healaíontóir Gaeltachta amháin, am a chur i leataobh dóibh féin le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí mheán na Gaeilge.

Is iad Ealaín na Gaeltachta Teo. a bheas ag riar na Sparánachta thar ceann Údarás na Gaeltachta.

TREOIR

An Sparánacht

Deontas amháin atá i gceist ar fiú €30,000 é − €10,000 sa bhliain thar 3 bliana.

Cé ar atá an Scéim seo dírithe?

Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí Gaeltachta a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge in aon mheán nó réimse ealaíne.

Aidhm na Scéime

Is é aidhm na scéime seo ná tacú le healaíontóir aonarach am a chur ar leataobh le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr i nGaeilge in aon mheán nó réimse ealaíne.

Critéir

Ba chóir go léireofar a leanas san iarratas:

  • taithí agus saothar ealaíne, agus/nó an poitéinseal atá léirithe agat go dáta;
  • cur síos cuimsitheach ar an gcaoi a dtacóidh an sparánacht seo leat am a chur ar leataobh le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr i nGaeilge;
  • cur síos ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an bhforbairt ealaíne atá molta agat ar do chleachtas ag an am áirithe seo.

Cad leis a thacóidh an Sparánacht?

Tacóidh an sparánacht leat do chuid ama a dhíriú ar shaothar úr ealaíne a fhorbairt trí mheán na Gaeilge. Is ar chostas do chuid ama féin atá an bhéim, cé go nglacfar le haon chostais a bheadh lárnach nó riachtanach don phróiseas cruthaitheach agus d’fhorbairt do chleachtais. Beidh ort luach do chuid ama a shoiléiriú sa bhuiséad.

Tacóidh an sparánacht le costais mhaireachtála agus i dtreo na gcostas a bhainfidh le saothar faoi leith a fhorbairt.

 

D’fhéadfadh an sparánacht tacú leat

  • ealaíontóir eile a bheith mar mheantóir agat ar feadh tréimhse;
  • trealamh riachtanach a thógáil ar cíos nó a cheannach*;
  • freastal ar thréimhse chónaitheach.

*Ní ghlacfar le caiteachas níos mó ná 30% den bhuiséad ar threalamh.

 

Conas iarratas a dhéanamh

Is gá an fhoirm iarratais a líonadh ina hiomláine, ag déanamh cur síos soiléir agus cuimsitheach ar do chleachtas go dtí seo agus ar an méid ar mhaith leat a bhaint amach le cabhair na sparánachta. Seol chugainn, leis an fhoirm iarratais, ábhair thacaíochta a léireoidh do chleachtas go soiléir. Seol d’iarratas agus an t-ábhar tacaíochta chuig ealain@udaras.ie. Mura mbeidh admháil faighte agat ó Ealaín na Gaeltachta laistigh de thrí lá oibre, téigh i dteagmháil linn le do thoil chun a chinntiú go bhfuil d’iarratas faighte.

Is painéal neamhspleách idirdhisciplíneach a dhéanfaidh measúnú ar na hiarratais. Ní féidir glacadh go mbeidh an painéal ar an eolas faoi do chleachtas ná faoi do shaothar ealaíne.

Spriocdháta

Is gá an fhoirm iarratais agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chugainn ag ealain@udaras.ie roimh an spriocdháta – *****Sínead ama , 12 Feabhra 2024.*****.

 

Ábhar Tacaíochta

Is gá an t-ábhar seo leanas a chur leis an iarratas, ionas go mbeidh a dhóthain eolais ar fáil don phainéal chun na hiarratais a mheas go cothrom:

  • Do CV ealaíne. Ná bíodh sonraí teagmhála pearsanta ar aon CV.
  • Samplaí de do shaothar ealaíne (féach thíos sonraí faoi conas iad seo a chur ar fáil).
  • Eolas ábhartha ar bith eile a thacóidh leis an bpainéal d’iarratas nó do chleachtas a thuiscint.
  • Más mian leat a bheith ag obair le meantóir nó le healaíontóir eile, ní mór a CV & litir chomhaontaithe uathu a chur leis an iarratas.

 

Conas samplaí de do shaothar ealaíne a roinnt linn

Ba mhaith linn go mbeadh an painéal in ann na samplaí is fearr de do chleachtas ealaíne a fheiceáil, a chloisteáil nó a léamh. Chuige seo, molaimid go mbeidh samplaí de do shaothar is déanaí san áireamh agat leis an iarratas. Má bhaineann an t-iarratas le níos mo ná réimse ealaíne amháin, is fiú samplaí de shaothar a chur ar fáil a thugann léargas air seo.

Níl ach am teoranta ag an bpainéal na hiarratais go léir a mheas. Is uasmhéid de 5 shampla saothair ar féidir a chur leis an iarratas. Má tá níos mó ná réimse ealaíne amháin i gceist, is féidir suas le 5 shampla de gach réimse a chur isteach. Is samplaí den saothar féin atá ag teastáil (m.s. sleachta litríochta, míreanna ceoil, íomhánna de do shaothar físealaíne, físeán d’ábhar amharclannaíochta) seachas ábhar atá bainteach leis an saothar (m.s. cóip do chlúdach leabhiar, grianghraif den ealaíontóir, póstaer d’imeacht & rl).

Ionas go mbeidh teacht ag an bpainéal ar do chuid samplaí saothair, molaimid go láidir na formáidí thíos a úsáid, ar an gcaighdeán is airde agus is féidir. Ní ghlacfaimid le cruachóipeanna de shaghas ar bith. Má tá deacracht ar bith agat leis seo, téigh i dteagmháil linn chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir.

  • Téacs: .rtf/.doc/.docx/.txt/.pdf (cúig leathanach, ina iomlán, ar a mhéad)
  • Íomhá: .jpg/.jpeg/.gif/.tiff/.png (300dpi ar a laghad, suas le 5 íomhá)
  • Fuaim: .wav/.mp3/.m4a (suas le 5 mhír)
  • Físeán: .avi/.mov/.mp4 (suas le 5 mhír, molaimid gan seóspól a chur sna áireamh)

In airde ar na formáidí thuas, is féidir naisc a sheoladh chugainn chuig YouTube, SoundCloud nó BandCamp. Má tá pasfhocal ag teastáil, ná déan dearmad é a chur leis an nasc, agus deimhnigh go bhfuil an nasc ag feidhmiú.

Cosaint Sonraí

Chun d’iarratas a mheas, beidh an t-eolas a thugann tú dúinn ar an bhfoirm iarratais (seachas na sonraí teagmhála ar leathanach 1) agus an t-ábhar tacaíochta á roinnt le baill an phainéil agus baill d’fhoireann Ealaín na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

Conas a dhéanfar meastóireacht ar d’iarratas?

Is painéal neamhspleách idirdhisciplíneach d’ealaíontóirí agus saineolaithe ealaíon, ball de Chlannad nó ionadaí ag feidhmiú ar a son san áireamh, a dhéanfaidh meastóireacht ar na hiarratais. Bainfear úsáid as an gcóras scórála thíos, atá bunaithe ar na critéir seo a leanas. Is é Údarás na Gaeltachta a dheimhneoidh cinneadh an phainéil.

 

Critéir le haghaidh maoiniú

  1. Go bhfuil saothar nó poitéinseal ealaíne d’ardchaighdeán cruthaithe/léirithe agat, go bhfuil cáilíochtaí agus/nó taithí chuí agat maidir le do chleachtas ealaíne agus go n-aithneofar mar chleachtóir gairmiúil tú i measc do chomhealaíontóirí. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach agat ó do chleachtas ealaíne.
  1. Conas mar a thacóidh an sparánacht seo leat am a chur ar leataobh le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr i nGaeilge.
  1. An tionchar a mheastar a bheidh ag an fhorbairt ealaíne atá molta agat san iarratas ar do chleachtas ag an am áirithe seo.
  2. Tá an scéim seo dírithe ar ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.

Córas scórála

Caighdeán ealaíne: taithí agus saothar ealaíne agus/nó an poitéinseal atá léirithe ag an iarratasóir go dáta 25
Caighdeán an mholta 25
An tairbhe a bhainfear as an sparánacht seo agus an tionchar a bheas aici ar chleachtas an ealaíontóra

 

25
Gaeltacht & Gaeilge 25

 

Seol an fhoirm iarratais agus an t-ábhar tacaíochta chuig ealain@udaras.ie roimh an spriocdháta –*****Sínead ama , 12 Feabhra 2024.*****.

 

Is féidir cóip den Foirm Iarratais a fháil anseo