Scéim Cothú

Spriocdháta: Dé hAoine, 15 Márta 2024

Scéim d’eagraíochtaí ealaíon ionadbhunaithe sa Ghaeltacht atá ag soláthar clár leanúnach ealaíon don phobal

 

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. tiomanta do bhonneagar ealaíon na Gaeltachta a neartú. Chuige sin, táimid ag glacadh le hiarratais ó eagraíochtaí ealaíon ionadbhunaithe sa Ghaeltacht atá ag soláthar clár ealaíon leanúnach don phobal.

Táthar ag súil go mbeidh plean agus clár oibre na n-eagraíochtaí ag teacht le príomhspriocanna Ealaín (na Gaeltachta) Teo:

  • Rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú
  • Tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtais agus a ngairm bheatha a chothú agus a fhorbairt
  • Tacú le deiseanna rannpháirtíochta don óige sna healaíona

Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tugtar tús áite do na tograí sin a chomhlíonann critéir na scéime luaite thíos agus a bhí á maoiniú roimhe seo ag Ealaín na Gaeltachta faoin Scéim Cothú. Ba chóir labhairt le d’Áisitheoir Ealaíon áitiúil sula ndéanfar iarratas ar an scéim seo.

Ciste

Beidh méid an ndeontas a bhronnfar ag brath ar an gclár/plean oibre atá molta san iarratas agus ar an mbuiséad atá ar fáil don scéim. Caithfear an maoiniú a éileamh taobh istigh de thréimhse 18 mí. Mura n-éileofar an t-airgead taobh istigh den tréimhse sin, cuirfear ar ceal é.

Critéir le haghaidh maoinithe

Tá an scéim seo ag glacadh le hiarratais ó eagraíochtaí ealaíon Gaeltachta ionadbhunaithe atá ag soláthar clár ealaíon leanúnach sa Ghaeltacht.

Beidh gá le:

  • Straitéis Ealaíon agus cleachtas oibre a léiríonn spriocanna soiléir ealaíne, le béim ar ardchaighdeán san healaíona agus sna próisis ealaíne.
  • Clár ealaíon d’ardchaighdeán. Is gá cur síos sonrach a dhéanamh ar an gclár atá beartaithe don tréimhse maoinithe seo, eolas faoi imeachtaí agus ealaíontóirí san áireamh, mar aon le tuairisc chuimsitheach ar an gclár is déanaí atá curtha i bhfeidhm ag an eagras.
  • Acmhainní bainistíochta agus riaracháin láidir agus oiriúnach chun an clár ealaíon a chur i bhfeidhm agus na spriocanna ealaíne a bhaint amach. Is iad seo:
  • Struchtúr láidir eagraíochta agus dea-chleachtas rialachais.
  • Acmhainní oiriúnacha foirne ar tháillí cuí.
  • Saineolas speisialtóra & taithí oiriúnach.
  • Cumas láidir bainistiú buiséid & tiomsú foinsí eile maoinithe.
  • Plean/córas forbartha lucht féachana & rannpháirtíochta chun cur le rannpháirtíocht an phobail sa chlár.
  • Córas Measúnaithe & Monatóireachta trína ndéantar foghlaim leanúnach ó thorthaí an chláir.
  • Páirtíocht ealaíontóirí gairmiúla sa chlár agus táillí/rátaí cuí pá á íoc dóibh.
  • Úsáid na Gaeilge i gcur chuige agus i gcur i láthair an chláir.

*Ní féidir le heagras atá maoinithe faoin Scéim Cothú cur isteach ar Scéim Forbartha na nEalaíon nó ar Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht*

Próiseas Iarratais

Ba chóir duit an t-iarratas a phlé leis an Áisitheoir Ealaíon áitiúil sula gcuirfidh tú isteach ar an scéim seo.

Beidh gá an t-eolas seo a leanas a chur leis an iarratas, mura bhfuil cóip faighte againn cheana féin:

  • Cuntais deireadh bliana an eagrais (na cuntais iomlána sínithe is déanaí atá ar fáil).
  • Straitéis ealaíne an eagrais.
  • Bunreacht an eagrais nó Meabhrán & Airteagail Chomhlachais na cuideachta.
  • Cruthúnas de thacaíocht eile – maoiniú, sochar comhchineáil srl.
  • Liosta de na healaíontóirí a bheidh páirteach & naisc chuig samplaí dá gcuid oibre.
  • Cóip nó nasc don chlár is déanaí.
  • Tuairisc nó tuairisc eatramhach ar imeachtaí an eagrais don tréimhse mhaoinithe is déanaí. (Mura bhfuil foirm thuairisce don tréimhse maoinithe deireanach curtha chuig Ealaín na Gaeltachta go dtí seo, tá sé riachtanach tuairisc eatramhach don tréimhse sin a chur leis an iarratas seo.)
  • Eolas ábhartha ar bith eile.

 

Áisitheoirí Ealaíon

Tír Chonaill: Danielle Nic Pháidín, Áisitheoir Ealaíon, f/ch Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall, 074 9560100 d.nicphaidin@udaras.ie

Connacht & Co. na Mí: Beartla Ó Flatharta, Áisitheoir Ealaíon, f/ch Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe 091 503100 b.oflatharta@udaras.ie

Cúige Mumhan: Rachel Holstead, Áisitheoir Ealaíon, f/ch Údarás Na Gaeltachta, Páirc Ghnó an Daingin, An Daingean, Co. Chiarraí 066 915100 nó 026 45366 r.holstead@udaras.ie

 

Tuilleadh Eolais:

ealain@udaras.ie | www.ealain.ie

Foirm Iarratais le fáil anseo: https://ealain.ie/tacaiocht-ata-ar-fail/