Tréimhse: Conradh 3 bliana

Lonnaithe: Oifig Údarás na Gaeltachta, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Ealaín (na Gaeltachta) Teo. (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag tairiscint post Riarthóra lán aimseartha ar chonradh 3 bliana. Beidh sé de chúram an té a cheapfar tacú leis an chlár oibre ealaíon atá á chur i bhfeidhm ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo., cheana féin.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le taithí agus cumas chun na dualgais seo a leanas a bhaint amach:

  • Dualgais leabharchoimeádta agus próiseála íocaíochta
  • Dualgais ghinearálta riaracháin a láimhseáil, lena n-áirítear comhadú, coinneáil taifid, próiseáil éilimh agus cúraimí riaracháin eile de réir mar is gá
  • Freagrach as bunachar sonraí a bhainistiú agus córais inmheánacha a uasdátú agus a fhorbairt.
  • Clár poiblíochta agus feasachta a bhainistiú agus ábhar a chruthú do leathanaigh meáin shóisialta na heagraíochta.  
  • Plean margaíocht dhigiteach a fhorbairt chun gníomhaíochtaí na heagraíochta a chur chun cinn, i gcomhair le páirtí leasmhara.
  • Tacaíocht riaracháin chun tionscadail agus imeachtaí a bhainistiú.
  • Tacú leis an fhoireann na scéimeanna deontais a riaradh.

Ní mór d’iarratasóirí scileanna agus taithí a bheith acu sna réimsí seo a leanas:

  • Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin
  • Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
  • Taithí agus tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
  • Líofacht Ghaeilge, idir labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa 
  • Cumas i bpacáistí MS Office 
  • Eolas ar na meáin shóisialta
  • Bheadh taithí a bheith ag obair i gcomhthéacs oifige agus i réimsí pobail ina bhuntáiste
  • Duine muiníneach, féin spreagtha, atá in ann oibriú as a stuaim féin agus mar chuid de fhoireann le spriocdhátaí agus torthaí aontaithe a bhaint amach.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €33,000-€55,000.

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:

Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n. ar an Aoine, 21 Aibreán 2023. Teil.: (074) 95 60100 R-phost: m.fearraigh@udaras.ie

Beidh painéal d’iarrthóirí rathúla a chur le chéile mar thoradh ar na hagallaimh. Beidh an painéal seo i bhfeidhm ar feadh sé mhí agus féadfar, laistigh den am sin, iarrthóirí – a fhaigheann áit ar an phainéal agus a chomhlíonann coinníollacha an phróisis roghnúcháin – a mheas le haghaidh folúntas sa phost.

Is fostóir comhionanna deiseanna é Ealaín (na Gaeltachta) Teo. agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanann muid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiún, dath, bunús eitneach, inscne, claonadh gnéis, aois, stádas pósta nó stádas míchumais.

Is í an Ghaeilge teanga oibre Ealaín na Gaeltachta.