Painéal Teagascóirí sna hEalaíona Dúchasacha

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag cur painéal teagascóirí le chéile a mbeadh suim acu ranganna sna healaíona dúchasacha (ceol, damhsa, lúibíní agus agallamh beirte, amhránaíocht) a sholáthar trí mheán na Gaeilge, i nGaeltacht Chonamara agus Árann, idir Mí Eanáir 2019 agus Mí Meithimh 2019.

Má tá suim agat a bheith ar an bpainéal seo ní mór duit é seo a léiriú tríd an bhfoirm léirithe suime atá ar fáil ar www.ealain.ie a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig Ealaín na Gaeltachta.

Ta tuilleadh eolais ar fáil ag www.ealain.ie nó trí scairt a chur ar Micheál Ó Fearraigh ag 0749560100

Sonraí teagmhála:  ealaín@udaras.ie /074 95 60100

Foirm Íoslódála