Painéal teagascóirí i nGaeltacht Chonamara agus Árann

Tá Clár Cuisle de chuid Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag cur painéal teagascóirí le chéile do siúd a mbeadh suim acu ranganna sna healaíona dúchasacha (ceol, damhsa, lúibíní agus agallamh beirte, amhránaíocht) a sholáthar trí mheán na Gaeilge, i nGaeltacht Chonamara agus Árann, idir Mí Meán Fómhair 2021 agus Mí Meithimh 2022.

Má tá suim agat a bheith ar an bpainéal seo, seol ríomhphoist chuig ealain@udaras.ie