Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2021

Oíche Chultúir sa Ghaeltacht

Mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana beidh Ealaín na Gaeltachta ag tacú le os cionn 30 imeachtaí fud fad na Gaeltachta ar an Aoine 17 Meán Fómhair.

I measc na buaicphointí beidh clár nua le craoladh ar TG4, ‘Oíche Chultúir sa Ghaeltacht’. Tabharfar ar camchuairt thart timpeall na Gaeltachta muid, ó Ghaoth Dobhair chuig An Rinn, agus buailfear le healaíontóirí, grúpaí agus a gcuid tograí. Ina measc beidh Diane Ní Chanainn, Cathal Mac Fhionnghaile, Seanán Mac Aoidh, Cathal Ó Searcaigh, Úna Campbell, Caoimhe & Séamus Ó Flatharta, Caitlín Nic Gabhann, Éamonn Ó Meachair, Ensemble Mhúscraí, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Maeve McSweeney, Dairena Ní Chinnéide, Fearghus Ó Conchúir, Aoife Ní Shé agus David Geaney.

Beidh ceol, damhsa, scannánaíocht agus litríocht le braith ón 30 imeacht a bheidh ag tarlú ar líne agus in ionaid ar fud na Gaeltachta. I measc na n-imeachtaí atá á reachtáil i mbliana tá ócáid filíochta béil sa Díseart leis an scríbhneoir cónaithe Colm Mac Gearailt agus a chairde Eoin P. Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker.

Beidh an Donegal Women’s Network ag déanamh ceiliúradh ar chruthaitheacht na mban le taispeántas ealaíne le gaineamh, agus beidh scannán á dhéanamh ag an ealaíontóir Maria Coleman mar chuid den togra.

Ar Inis Oírr, beidh leagan úrnua d’amhrán traidisiúnta á sheoladh ag an amhránaí iomráiteach Lasairfhíona Ní Chonaola. Beidh an banna ceoil 8-bit Banjo agus dealbh óir d’Albert Power le feiceáil san fhíseán a bheidh á chraoladh ar líne acu ar an oíche.

Is é Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir atá ag cur faoi ar Oileán Chléire, ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2021. Tá saol cruthaitheach éagsúl agus uathúil ag Ruairí, a bhíonn ag obair ar fhéilte agus ócáidí go hidirnáisiúnta, ag déanamh cóiréagrafaíocht ar thograí go idirnáisiúnta agus in Éirinn agus ag obair mar dhamhsóir in Éirinn agus thar lear agus suim faoi leith aige sa teanga agus sna gaolta idir dhaoine. “Táim an-sásta le bheith mar Ambasadóir ar Oíche Chultúr i mbliana, ceapaim go bhfuil sé fíor tábhachtach go ndéanaimid ceiliúradh ar ár gcultúr agus ar an ealaíon.
Táim ag súil go mór le cuireadh a thabhairt don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín; an Rinceoir Cónaitheach san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne, teacht amach chun obair liom ar Oileán Chléire chun an nasc idir na ceantair Gaeltachta i gCorcaigh a láidriú.
Bhí go leor brú ar ealaíontóirí le linn na paindéime. Táim lán sásta a bheith ag obair le Ealaín na Gaeltachta mar Ambasadóir mar tugann an ócáid seo deiseanna d’ealaíontóirí atá ag obair agus ag cur futhu sna ceantair Ghaeltachta agus d’ealaíontóirí ar fud na tíre. “
– Ruairí Ó Donnabháin

Dúirt Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon, Údarás na Gaeltachta;
“Trí shaibhreas cultúir agus ealaíon na Gaeltachta a cheiliúradh tugtar léargas bríomhar agus ar leith go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar shainiúlacht na Gaeltachta. Iarraimid ar an phobal a bheith páirteach san ealaíon ar ardchaighdeán seo atá ealaíontóirí na Gaeltachta a sholáthar agus a bheith bródúil aisti.”

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad atá ag tarlú ar líne agus sna ceantair Ghaeltachta ar Oíche Chultúir ar fáil ar www.culturenight.ie

Déan teagmháil le ali@lorgmedia.com le haghaidh aon eolas breise, tuilleadh ábhair agus agallaimh ar fáil.