Folúntais: Ealaín na Gaeltachta

Tá dhá fholúntas a fhógairt ag Ealaín na Gaeltachta faoi láthair. Beidh tuilleadh eolais agus sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh linn ar r-phost: ealain@udaras.ie

Spriocdháta: 22 Aibreán 2022

1. Post Riarthóra (páirt aimseartha)
2. Oifigeach Forbartha Drámaíochta don Óige

1. Post Riarthóra (páirt aimseartha)
Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag tairiscint post Riarthóra páirt aimseartha, suas le 15 uair in aghaidh na seachtaine. Beidh sé de chúram ag an té a cheapfar tacú leis an chlár oibre ealaíon atá á chur i bhfeidhm ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo., i nGaeltacht na Mumhan.
Achoimre ar an bpost:
Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon.
Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíona agus le healaíontóirí aonair.
Tá riarthóir ag teastáil le tacú le foireann Ealaín (na Gaeltachta) Teo. an chlár ealaíon a chuir i bhfeidhm i nGaeltacht na Mumhan. Ba chóir go mbeadh an té a cheapfar in ann cúramaí a chur i gcrích go héifeachtúil. Tá duine féin-spreagtha de dhíth, a bhfuil ar a chumas nó ar a cumas feidhmiú mar bhall d’fhoireann. Bheadh taithí bliana mar riarthóir ina chabhair chomh maith le taithí agus spéis sna healaíon Gaeltachta a chur chun cinn.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Oifig Údarás na Gaeltachta, An Daingean, Co Chiarraí ach de bharr nádúr an phoist d’fheadfaí an té a cheapfar a bheith lonnaithe i gceantair Gaeltachta eile ina bhfuil spás oifige ag Údarás na Gaeltachta iontu.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le taithí agus cumas chun na dualgais seo a leanas a bhaint amach:
• Tacaíocht riaracháin a thabhairt d’fhoireann Ealaín (na Gaeltachta) Teo.
• Cabhair agus tacaíocht le scéimeanna, le himeachtaí agus le tionscadail
• Fógraíocht, Poiblíocht agus na meáin shóisialta a choinneáil suas chun dáta
• Bunachair shonraí & córais inmheánacha a choinneáil suas chun dáta
Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:
• Líofacht Ghaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
• Cumas i bpacáistí MS Office
• Taithí a bheith ag obair in oifig agus i réimsí pobail, le hardscileanna eagrúcháin
• Ardscileanna idirphearsanta
• Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
• Ceadúnas glan tiomána

Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.
Beidh painéal d’iarrthóirí rathúla a chur le chéile mar thoradh ar na hagallaimh. Beidh an painéal seo i bhfeidhm ar feadh sé mhí agus féadfar, laistigh de am sin, iarrthóirí – a fhaigheann áit ar an bpainéal agus a chomhlíonann coinníollacha an phróisis roghnúcháin – a mheas le haghaidh folúntas sa phost.

Seol litir iarratas, mar aon le CV, chuig:
Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n. ar an Aoine, 22 Aibreán, 2022.
Teil.: (074) 95 60100 R-phost: ealain@udaras.ie

2. Oifigeach Forbartha Drámaíochta don Óige
Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg Oifigeach Forbartha Drámaíochta don Óige ar chonradh bliana. Beidh an té a cheapfar ag tacú le clár píolótach drámaíochta don óige sa Ghaeltacht a fhorbairt agus chuir i bhfeidhm.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis na tréithe, an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:
– Taithí leathan agus praiticiúil in earnáil na drámaíochta.
– Taithí i gcláir forbartha don óige a chur i bhfeidhm.
– Saineolas ar dhea chleachtas agus polasaithe ábhartha i réimse na healaíona don óige.
– Taithí le riaradh agus reáchtáil tograí.
– Líofacht Ghaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
– Sár scileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
– Ábalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
– Taithí riaracháin agus ard chumas eagrúcháin.
– Sár scileanna bainistiú ama idir tosaíochta oibre a mheas agus spriocanna oibre a bhaint amach.

Cuirfear spás oibre ar fáil don té a cheapfar in oifig de chuid Údarás na Gaeltachta is oiriúnaí don iarrthóir. Beidh gá taisteal mar chuid den ról agus beidh ceadúnas tiomána iomlán glan agus modh iompar riachtanach. Beidh an conradh ar feadh tréimhse bliana agus íocfar scála tuarastal idir €30,000 agus €35,000 sa bhliain ag brath ar cháilíochtaí agus taithí.

Cuirfear painéal le chéile ó na hagallaimh seo, ina bhfuil féidearthacht go líonfar aon fholúntas a d’fhéadfadh a bheith ann taobh istigh de thréimhse bliana.

Tá sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Ealaín (na Gaeltachta) Teo., R-phost: m.fearraigh@udaras.ie Teil.: (074) 9560100

Seol iarratas mar aon le CV, chuig: Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n ar an Aoine 22 Aibreán 2022. Tá breis eolais agus sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh. Teil: (074) 95 60100 nó R-phost: m.fearraigh@udaras.ie