Fógra Poist Príomhfheidhmeannach ar Ealaín na Gaeltachta Teo.

Príomhfheidhmeannach

Ealaín na Gaeltachta Teo.

Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo le forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha a chur chun cinn sa Ghaeltacht.  Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é agus is comhpháirtíocht straitéiseach é idir an tÚdarás agus An Chomhairle Ealaíon. Tá sé á rialú ag bord atá sainaitheanta agus ainmnithe ag Údarás na Gaeltachta.

Cuireann an eagraíocht seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil a thacaíonn le forbairt ealaíontóirí aonair agus le heagraíochtaí ealaíona, agus tacaíonn sé le cothú agus cur chun cinn na healaíona i measc na hóige sa Ghaeltacht.

Tá tuilleadh eolais maidir le hEalaín na Gaeltachta Teo., agus a straitéis reatha le fáil ar www.ealain.ie

Agus iad freagrach don Bhord Stiúrthóirí beidh an Príomhfheidhmeannach freagrach as:

  • Bainistiú éifeachtacht a dhéanamh ar gach gníomhaíocht atá faoi chúram na heagraíochta, idir struchtúr foirne, straitéisí agus polasaithe; na cláir agus na scéimeanna tacaíochta; buiséid na gcláir agus buiséad na heagraíochta; chomh maith leis an idirchaidrimh leis na maoinitheoirí agus na páirtithe leasmhara go léir.
  • Straitéis na heagraíochta a fheidhmiú lena chinntiú go bhfuil ar chumas an chuideachta na healaíona comhaimseartha agus traidisiúnta Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhonn leanúnach.
  • Comhoibriú le páirtithe leasmhara lena chinntiú go bhfuil breis infheistíochta a mhealladh agus a dhaingniú in infreastruchtúr agus in eagraíochtaí ealaíon sa Ghaeltacht:
  • Foireann agus struchtúr eagraíochta Ealaín na Gaeltachta a chothú agus polasaithe agus nósanna deá-chleachtais a fheidhmiú lena chinntiú go gcomhlíonfar riachtanais rialachais chorparáidigh na heagraíochta agus a mhaoinitheoirí.

Beidh na scileanna seo a leanas ag an té a n-éireoidh leo sa phost seo:

  • Sárscileanna ceannaireachta, bainistíochta, eagrúcháin agus cumarsáide;
  • Tuiscint agus eolas forleathan ar chomhthéacs agus ar pholasaithe maidir le réimse na n-ealaíon agus forbairt na ealaíon
  • Saineolas ar phleanáil straitéiseach agus ar fhorbairt polasaithe maraon le tomhas, measúnú agus tuairisciú ar fheidhmíocht;
  • Ardchumas Gaeilge idir labhartha agus scríofa;
  • Eolas forleathan ar an earnáil phoiblí, ar ghníomhaireachtaí stáit agus ar pháirtithe leasmhara eile;
  • Tuiscint ar chúinsí sa Ghaeltacht, ar chúrsaí forbartha agus oiliúna;
  • Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád;

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:

An Cathaoirleach, Bord Stiúrtha Ealaín na Gaeltachta Teo. ar ríomhphost chuig sng@udaras.ie roimh 4.00i.n., Dé hAoine, 22 Márta, 2024.

Is fostóir comhionanna deiseanna é Ealaín na Gaeltachta Teo. agus is mór againn an éagsúlacht san eagraíocht. Ní dhéanann muid idirdhealú ar bhonn cine, reiligiún, dath, bunús eitneach, inscne, claonadh gnéis, aois, stádas pósta nó stádas míchumais.

Tá tuilleadh eolais le fháil sa leabhrán eolais –Leabhrán Eolais d’Iarrthóirí – Príomhfheidhmeannach Ar  Ealaín (na Gaeltachta) Teo.