Fógra Poist: Painéal Cúntóirí Ranga

Painéal Cúntóirí Ranga

Ealaín (na Gaeltachta) Teo., (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag cur painéal cúntóirí ranga le chéile a mbeadh suim acu tacú leis na teagascóirí atá i mbun na ranganna faoin gclár Cuisle. Tríd an clár Cuisle, cuirtear ranganna sa gceoil traidisiúnta, na healaíon béil, damhsa agus amhránaíocht ar na sean nós ar fáil i rith agus i ndiaidh am scoile ar fud ceantar Gaeltachta Conamara agus Árainn.

Má tá suim agat a bheith ar an bpainéal seo, nó le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie nó glaoigh ar 091-503176.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le taithí agus cumas chun na dualgais seo a leanas a bhaint amach:

  • Tacaíocht a thabhairt don teagascóir atá i mbun an rang
  • Maoirseacht ar pháistí le linn an ranga
  • Clárú agus glacadh le híocaíochtaí nuair is gá
  • Socrú trealamh agus tacú leis an teagascóir cloí le treoracha sláinte agus sábháilteacht
  • Tacú le cur i bhfeidhm polasaithe Ealaín an Gaeltachta (Cosaint Leanaí, Sláinte agus Sábháilteacht, polasaí deá iompar agus iompar teanga)
  • Freastail ar chúrsaí traenála nuair is gá
  • Teagmháil rialta agus tuairisciú nuair is gá d’fhoireann Ealaín na Gaeltachta

 

Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:

  • Líofacht Ghaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • Ard scileanna idirphearsanta
  • Taithí ag obair le daoine óga
  • Teastas glan tiomána

 

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:

Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Ealaín na Gaeltachta Teo.,

Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,

Na Doirí Beaga,  Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

roimh 4.00 i.n. ar an Luain 24 Lúnasa 2020.

 

Teil.:  (074) 95 60100     R-phost: ealain@udaras.ie