Ealaín na Gaeltachta: Straitéis 2023-2027


Tá Ealaín na Gaeltachta ag forbairt straitéis úr 2023-2027. Beidh an straitéis seo ina gné lárnach den chreatlach náisiúnta straitéise d’fhorbairt na n-ealaíon, araon le straitéis Údarás na Gaeltachta agus straitéis na Comhairle Ealaíon Saothar Ealaín Iontach Á Thairgeadh.

Mar chuid de seo, tá muid ag lorg aiseolais, tuairimí, agus moltaí ó phobal na Gaeltachta, idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí agus an pobal i gcoitinne, an óige san áireamh. Tá comhairleoir neamhspléach, Dermot McLaughlin, ag dul i mbun na taighde seo agus is Dermot a bheith ag déanamh scagadh ar thorthaí an tsuirbhé seo.

Mar eolas ar an phróiseas a bhaineann leis an suirbhé seo, tá sé deartha ag Dermot le hionchur ó fhoireann Ealaín na Gaeltachta; tá an suirbhé seo á scaipeadh ag Ealaín na Gaeltachta agus faoi réir RGCS (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); níl muid ag bailiú sonraí pearsanta (ainm, seoladh srl), agus is é Dermot a bheidh ag déanamh anailís ar na freagraí agus na torthaí.

*Más maith leat an suirbhé seo a líonadh mar dhuine aonair (m.s. ealaíontóir/ball don phobal) agus mar ionadaí do eagras nó do ghrúpa, tá fáilte romhat dhá suirbhé a líonadh chun an dá taithí/comhthéacs éagsúil a chuir in iúl.

Má bhíonn aon cheist agat faoin suirbhé, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Dermot d@dermotmclaughlin.ie agus ar 086 234 9271.

Leagan Gaeilge den Suirbhé

Leagan Béarla den Suirbhé

Tá Ealaín na Gaeltachta fíorbhuíoch díot as cabhrú linn – go raibh míle maith agat!