€280,000 bronnta ar 57 ealaíontóir sa Ghaeltacht

Tá sparánachtaí suas le €6,000 bronnta ag Ealaín na Gaeltachta ar 57 ealaíontóir sa Ghaeltacht. Ina measc scríbhneoirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí, rinceoirí, scéalaithe, lucht drámaíochta agus scannán, ealaíontóirí bunaithe agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn sna healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha a bhfuil spéis ag daoine níos faide amach ná réigiúin na Gaeltachta ina gcuid oibre.

Tráth a bhfuil earnáil na n-ealaíon buailte sa Ghaeltacht ag an bpaindéim COVID-19, tá tacaíocht bhreise €200,000 bronnta ag an gClár Éire Ildánach mar chuid de chlár spreagtha mhí Iúil chun tacaíochtaí a mhéadú go mór d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht. Tacóidh na sparánachtaí seo leo saothar nua a fhorbairt, tabhairt faoi thaighde, a gcleachtas a fhorbairt agus nuair is féidir tabhairt faoi thréimhsí cónaitheacha.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.,: “Is mór an pléisiúr dom go bhfuil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ábalta tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na healaíontóirí iontacha atá ag obair thrí mheán na Gaeilge. Ábhar spreagtha cinnte iad na tionscadail agus is léiriú iad ar an bhfís ar leith atá acu. Is seod ríluachmhar an teanga agus ní mór meas a bheith orthusan atá ag obair trí mheán na Gaeilge agus tacaíocht a thabhairt dóibh..”

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Jack Chambers T.D., fáilte roimh an tionscnamh freisin mar léiriú ar thiomantas an Rialtais d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht faoi réir a bhfuil geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Dúirt an tAire Chambers: “Tá na healaíona cruthaitheacha ar cheann de na hearnálacha is mó atá buailte ag COVID-19, agus an Ghaeltacht is mó a bhfuil tionchar aige uirthi agus mar sin tá tábhacht ar leith ag baint leis na sparánachtaí seo agus iad tráthúil go leor. Tá na healaíontóirí seo ag déanamh obair den scoth le linn tréimhse achrannach. Is infheistíocht an maoiniú seo i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na hÉireann tráth a bhfuil na healaíona ag teastáil go géar chun meanma na tíre a ardú.

Tá fáilte mhór curtha ag Micheál Ó Fearraigh, feidhmeannach forbartha Ealaín na Gaeltachta roimh Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta a dúirt: “Gan ealaíontóirí, ní bheidh aon ealaíon ann. Tá tuiscint mhór againn ar an tábhacht atá leis na healaíona i saol na Gaeltachta. Táimid buíoch den Chlár Éire Ildánach. A bhuí leis táimid in ann tacaíocht shuntasach bhreise a chur ar fail d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht tráth a bhfuil slad déanta ar shlí bheatha daoine ag an bpaindéim.

Tá Ealaín na Gaeltachta, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta, ag tacú le healaíontóirí na Gaeltachta le breis is scór bliain. Tacaíonn an Scéim Sparánachta le suas le scór ealaíontóir gach bliain de ghnáth chun gur féidir leo am a chaitheamh lena gcleachtas a fhorbairt.

Tá Dónall Ó hÉalaí an t-aisteoir a ainmníodh le déanaí don ghradam ‘Stars of Tomorrow’ de chuid Screen International i measc na n-ealaíontóirí ar bronnadh sparánacht air. Dúirt Dónall Ó hÉalaí: “’Táim fíor bhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach as an sparánacht seo. Is deis iontach dom féin go pearsanta í le ham a chur ar leataobh chun tabhairt faoi scríbhneoireacht scripte. Mar aisteoir is minic a shantaíonn tú script a scríobh. Beidh mé in ann an fhís sin a fhíorú anois mar gheall ar an tacaíocht agus an spreagadh atá ar fáil ó Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach.

I measc na ndaoine eile a mbronnfar dámhachtain orthu tá:
Na hAmharc-Ealaíontóirí- Nuala Ní Fhlathúin and Andrew Duggan
An File – Ceaití Ní Bheildiúin
Na Damhsóirí – Ruairí Ó Donnabháin agus Ríonach Ní Néill
An Cumadóir Ceoil – Manus Lunny
An Drámadóir – Darach Mac Con Iomaire
Amhránaí – Muireann Ni Amhlaoibh